Tá fear sna fichidí go dona tinn san ospidéal tar éis do bhuíon fear é a bhualadh le barraí iarainn ina theach conáithe i Leifear i gCo Dhún na nGall ar maidin inné.
Deir na Gardaí gur cúigear fear a raibh púicíní orthu a d'ionsaigh an fear óg.
Bhuail siad buillí ar athair an fhir freisin ach níor gortaíodh é chomh dona lena mhac.
Tugadh an mac i héileacaptar go dtí Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste agus tá cóir leighis á chur ar an athair in Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn.
Tá na Gardaí agus na póilíní sa Tuaisceart ag obair as lámh a chéile le súil breith ar an dream a bhí freagach as an mbrúidiúlacht.
Aon duine a bhfuil íomhánna acu de Bhóthar an Choinicéir i Leifear idir 10 a chlog agus 11 a chlog ar maidin inné, tá na Gardaí ag achainí orthu teacht chun cainte leo, go háirithe más íomhanna ó cheamara deaise iad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ