Beidh cead sealadach ag ceathrar Teachtaí Dála Neamhspleácha a bheas ag tacú leis an rialtas nua labhairt ó bhinsí an fhreasúra nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile arís amárach.
Thug an Ceann Comhairle Verona Murphy le fios go dtabharfadh sí cearta freasúra don cheathrar Neamhspleách go fóill ach dúirt go ndéanfadh sí a machnamh ar aon aighneachtaí a gheobhadh sí ag cur in aghaidh an phlean.
Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht agus roinnt Teachtaí Neamhspleácha eile, tá siad glan in aghaidh an phlean.
An craiceann is a luach atá Neamhspleáigh ar thaobh an rialtais a éileamh, a deir siad.
Dúirt Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre go dtugtar le tuiscint sa chomhairle dlí a fuair siad nach bhfuil plean mar é ceadaithe de réir Bhuan-Orduithe na Dála.
Dúirt Verona Murphy, áfach, go dtugtar le tuiscint sa chomhairle dlí a fuair sise gur a mhalairt atá fíor.
Tá ceananire Aontú Peadar Tóibín cáinte ag páirtithe eile an fhreasúra faoi ligean do na Teachtaí Dála Neamhspleácha a bheas ag tacú leis an rialtas páirt a ghlacadh ina ghrúpa teicniúil féin.
Tuilleadh faoin scéal anseo
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ