Scaoil na hIosraelaigh saor 90 cime Palaistíneach aréir tar éis do Hamas triúr giall Iosraelacha a scaoileadh saor tráthnóna inné, malartú ar chuid é de chomhaontú a rinneadh an tseachtain seo caite faoi shos comhraic in Gaza.
Mná is ea an triúr Iosraelach a saoradh inné agus tar éis dá muintreacha fáilte abhaile a chur rompu tugadh iad chuig ospidéal i lár Iosrael, áit a ndeirtear go bhfuil "bail sheasmhach" orthu.
Is ag thart ar 1 a chlog ar maidin a saoradh na Palaistínigh ó phríosún Ofer sa Bhruach Thiar. Chuir na sluaite fáilte rompusan i mbaile Beitunia go gairid ina dhiaidh sin.
Deir na hIosraelaigh go bhfuil 57 giall á gcoinneáil i gcónaí ag Hamas agus go bhfuil coirp 34 giall eile fós in Gaza.
Tuigtear go ndéanfar an chéad mhalartú eile Dé Sathairn seo chugainn.
Dé Céadaoin seo caite a d'fhógair idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe, ó Chatar agus ón Éigipt go ndearnadh comhaontú faoi shos comhraic.
Cé nach bhfuil i gceist ach sos comhraic sé seachtaine, dúradh go rabhthas dóchasach go mbuanófaí é.
Chomh maith leis an malartú géibheannach, socraíodh go dtarraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile agus go scaoilfidís níos mó soláthairtí éigeandála isteach san áit.
A thúisce a tháinig feidhm oifigiúil leis an sos comhraic ar maidin inné, thosaigh na mílte dídeanaithe Palaistíneacha ag filleadh ar a mbailte ar fud Gaza – nó a bhfuil fanta dá mbailte i ndiaidh an léirscrios a rinne fórsaí míleata Iosrael.
Mhaígh Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul faoin sos comhraic.
Dúirt sé gur chuir sé ina luí gaidhte ar Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu deireadh a chur leis an gcogaíocht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ