Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás fir i mBré

20 JANUARY 2025, 16:36

William Moorehouse a bhfuarthas a chorp i mBré inné
X Facebook

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí maidir le bás fir 36 bliain d'aois a bhfuarthas a chorp i gclós súgartha i mBré i gCo Chill Mhantáin inné.

Duine ag bhí ag siúl thar an gclós súgartha i mBaile Bhaltraim ar cholbha theas Bhré a tháinig ar chorp William Moorehouse go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné.

Is cosúil gur sádh é roinnt uaireanta.

Bhí seisear páistí ag William Moorehouse a raibh cónaí air i Láithreán Stad na Leathghealaí ar imeall Bhré.

Tá na Gardaí den bharúil go mb'fhéidir gur aighneas i measc an lucht siúil ba chúis lena mharú.

Láthair an mharaithe á scrúdú ag Gardaí

Ar maidin inniu, fuair na Gardaí roinnt arm gar don áit ar maraíodh William Moorehouse.

Tá dhá bhunscoil, leabharlann agus ionad pobail in aice leis an gclós súgartha dúnta don lá agus an ceantar á scrúdú ag foireann theicniúil na nGardaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ