Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fianna Fáil ag vótáil i dtaca le Rialtas a bhunú

19 JANUARY 2025, 21:51

Fianna Fáil lasmuigh de Theach Laighean i Nollaig 2024
X Facebook

Bhí Ard Fheis speisialta i mBaile Átha Cliath ag Fianna Fáil inniu agus an páirtí ag caitheamh vota ar an gClár Rialtais a aontaíodh i rith na seachtaine seo caite.

Chuir ceannaire an pháirtí,Micheál Martin an dréachtchlár faoi bhráid na mball agus thug móramh a mbeannacht dó tráthnóna.

Bhí 812 ball ar a shon agus 62 ina choinne.

Dúirt Micheál Martin nach mó ná sásta a bhí sé le meoin dhiúltach bhaill áirithe mar a thug sé air.

Bíodh sin mar atá réitíonn vóta dearfach Fhianna Fáil i gcoitinne anois an bealach do cheapachán an Rialtais tráth a dtiocfaidh an Dáil ar ais le chéile Dé Céadaoin seo chugainn.

Mura dtarlaíonn rud éigin aisteach is é Micheál Martin a thoghfar mar Thaoiseach ar an lá, fear a dúirt inniu nach mbeadh an Teachta Neamhspleách,Michael Lowry sa Rialtas nua.