Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tús curtha le cás dhúnmharú Robert Wilkin ar Shliabh Liag

17 JANUARY 2025, 20:18

Robert Wilkin (67) arbh as Co. Thír Eoghain ó dhúchas é, ina chónaí sna Cealla Beaga sular maraíodh é.
X Facebook

Dúradh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu gur bhuail bean agus fear as Co. Dhún na nGall, fear 67 bliain d'aois sa chloigeann le carraig, sular chaith siad thar bheanna Shliabh Liag é.

Séanann Alan Vial (39 bliain d'aois) a raibh seoladh aige i nDroim an Umha, na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall agus Nikita Burns (24 bliain d'aois) a raibh seoladh aici go deireanach i Lóistín an Chinn Thiar, Machaire Cairthe, Bun Dobhráin gur dhúnmharaigh siad Robert Wilkin nó Robin Wilkin (mar a tugadh air fosta) áít éigin i gCo. Dhún na nGall ar an 25 Meitheamh 2023.

Agus é ag cur an cháis i láthair an ghiúiré sa chéad lá den triail sa Phríomh Chúirt Choiriúil inniu, dúirt an t-abhcóide sinsir Bernard Condon ar shon an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go léireoidh an fhianaise gur ghníomhaigh Alan Vial agus Nikita Burns "i gcomhar le chéile" i ndúnmharú Robert Wilkin. Dúirt sé gur "comhfhiontar coiriúil" a bhí ar bun acu agus dá bhrí sin go bhfuil siad beirt freagrach as gníomhartha a chéile.

Séanann Nikita Burns (24 bliain d'aois) agus Alan Vial (39 bliain d'aois) gur dhúnmharaigh siad Robert Wilkin

Dúirt Bernard Condon leis an ghiúiré nach raibh áit chónaí bhuan ag Robert Wilkin arbh as Co. Thír Eoghain ó dhúchas dó, agus go raibh sé ag cur faoi i dteach Alan Vial i nDroim an Umha, in aice leis na Cealla Beaga le tamall sular maraíodh é. Bhí Nikita Burns ag caitheamh ama sa teach céanna, a dúirt sé.

Léireoidh fianaise go bhfacthas Robert Wilkin i gcuideachta Alan Vial agus Nikita Burns i dhá theach tábhairne sa cheantar oíche an 24 Meitheamh 2023 sular maraíodh é. Bhí siad i dtábhairne an Fleet Inn sna Cealla Beaga ar tús sula ndeachaigh siad chuig tábhairne McIntyre i nDún Cionnaola, áit ar fhan siad go dtí an 1.30 maidin a 25 Meitheamh.

Dúirt sé gur thug siad a n-aghaidh siar ina dhiaidh sin chuig ceantar darbh ainm an Roisín idir na Cealla Beaga agus an Charraig, áit a dúirt sé ar ionsaigh siad Robert Wilkin.

Dúirt Bernard Condon go léireoidh fianaise DNA agus taifid ó cheamaraí slándála cuid mhaith den chás in éadan na beirte,

Rinneadh cur síos sa Chúirt inniu ar na turais a rinne carr Alan Vial chuig barr Shliabh Liag maidin an 25 Meitheamh 2023

Léireoidh ceamaraí slándála, a dúirt sé, carr Alan Vial ag taisteal chuig an phointe is airde ar Shliabh Liag áit ar fhan an carr ar feadh leathuaire sular fhill sí anuas ar a 3 a chlog, a dúirt sé.

Dúirt Bernard Condon gurb í tuairim in Ionchúisimh gur ag an uair sin a cuireadh corp Robert Wilkin thar an bhinn ag Sliabh Liag, ach nach "fios an beo nó marbh a bhí Robert Wilkin nuair a caitheadh amach tharr an leac é."

Chonacthas an carr ag dul as sin chuig an ché i dTeileann agus ar aghaidh as sin arais chuig an Roisín.

Dúirt sé go ndearna Alan Vial an dara turas go barr Shliabh Liag ar a 5.30 an mhaidin sin agus go bhfacthas an carr ag teacht anuas ar a 5:57.

Níos déanaí an lá sin ar a 2:30, a dúirt sé, bhí comhrá ag Alan Vial leis an maor a bhí ar dualgas ag Sliabh Liag agus "dúirt leis go raibh siad ag dul suas ann le duine a bhailiú. Ach ní fhacthas go raibh paisinéir ar bith acu nuair a d'fhill siad níos déanaí," a dúirt Condon.

Dúirt Bernard Condon go ndeachaidh Alan Vial chuig teach duine muinteartha dá chuid in Ard an Rátha ar a 4 a chlog an tráthnóna sin agus gur iarr sé ábhar glantacháin dá charr.

Ach nuair a d'fhág siad an teach sin bhí timpiste acu sa charr agus cuireadh fios ar na Gardaí agus ar otharcharr.

Gabhadh Alan Vial ar amhras go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil agus chuaigh Nikita Burns a bealach féin.

Níos déanaí an oíche sin, dúirt Bernard Condon leis an ghiúiré go dtabharfar le fios don chúirt gur inis Nikita Burns do dhaoine eile go raibh baint aici le hionsaí ar Robert Wilkin agus gur cuireadh na Gardaí ar an eolas.

Nuair a gabhadh í, dúirt Bernard Condon gur shéan sí go raibh aon bhaint aici leis an ionsaí ach ansin gur admhaigh sí do na Gardaí gur bhuail sí le carraig é.

Cuardach 8 lá ar Shliabh Liag

Cuireadh tús le cuartú forleathan thart ar ailltreacha Shliabh Liag agus ocht lá níos déanaí thángathas ar chorp Robert Wilkin san uisce amach ó na hailltreacha ar an 3ú lá de mhí Iúil 2023.

Dúirt Bernard Condon go léireoidh fianaise ó 7 láthair éagsúla go raibh Alan Vial agus Nikita Burns freagrach as dúnmharú Robert Wilkin -thánagthas ar chuid fola an fhir mhairbh sa charr Passat; fuarthas a chuid fola ar na luiteoga gorm a bhí Nikita Burns a chaitheamh,

Sa chuartú a rinneadh ag Droim an Umha, fuarthas fón póca Robert Wilkin i mbuataisí den bhranda Timberland a raibh a chuid fola orthu.

Nuair a cuardaíodh Sliabh Liag, dúirt an tabhcóide Condon go dtáinig na Gardaí ar shlabhra airgid, spléacaí léitheoireachta, agus uaireadóir Ravel Robert Wilkin, chomh maith le plaincéad bán fuilteach.

Ar bharr na n-ailtreacha d'aimsigh na Gardaí carraig a raibh fuil Robert Wilkin uirthi chomh maith le geansaí liath dá chuid a riabh a chuid fola air. "Leath bealaigh síos an aill" fuarthas geansaí donn dá chuid.

Tháinig na Gardaí ar fhuil Robert Wilkin ar chábla folúsghlantóra i dteach in Ard an Rátha - ba seo an folúsghlantóir a úsáideadh le carr Alan Vial a ghlanadh, a dúirt sé.

Cuirfear tús le héisteacht na fianaise os comhair an Bhreithimh Paul McDermott Dé Luain agus meastar go mairfidh an triail suas le trí seachtainí i láthair giúiré de chúigear fear agus seachtar ban.