Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Deartháireacha, bean os comhair cúirte faoi dhrochionsaí ar fhear

17 JANUARY 2025, 16:35

Stephen Maughan, Jason Maughan agus Molly Roberts taobh amuigh de Theach Cúirte an Chabháin inniu
X Facebook

Tugadh beirt deartháireacha agus bean os comhair Chúirt Dúiche an Chabháin inniu agus iad cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar fhear sna daichidí agus i ndíobháil a dhéanamh dó i mbaile Mhuineacháin Dé Máirt seo caite.

Sin iad Jason Maughan, 25 bliain d'aois, a dheartháir Stephen Maughan, 23 bliain – arb as Mullach Meata i Muineachán iad beirt – agus Molly Roberts, 21 bliain, as an Aonach i gCo Mhuineacháin.

Dúradh sa chúirt gur gortaíodh go han-dona an fear nuair a ionsaíodh é le sclacán cruach i gceantar Bhóthar na Páirce i mbaile Mhuineacháin idir 10 a chlog agus 11 a chlog oíche Dé Máirt.

Dúradh go raibh éirithe idir é agus duine eile, nó daoine eile, sular ionsaíodh é.

Tugadh an fear chuig Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha ar an gcéad ásc ach aistríodh é go dtí Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil fíor-dhrochbhail air.

I gceantar Bhóthar na Páirce i mbaile Mhuineacháin a ionsaíodh an fear

Dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Ciara Hayes sa chúirt gur tháinig Jason agus Stephen Maughan i láthair na nGardaí dá ndeoin féin ar maidin Dé Céadaoin.

Dúradh gur gabhadh Molly Roberts ina dhiaidh sin agus gur tógadh a gluaisteán freisin.

Thug an Bleachtaire-Sháirsint Hayes le fios chomh maith gur dhóichí go gcuirfí cionta níos tromchúisí i leith an triúir amach anseo.

D'ordaigh an Breitheamh Raymond Finnegan na deartháireacha Maughan a chur siar faoi choinneáil agus a dtabhairt os comhair Chúirt Dúiche Mhuineacháin ar nasc físe Dé Luain seo chugainn.

Cheadaigh sé bannaí do Molly Roberts faoi réir dianchoinníollacha agus d'ordaigh í a thabhairt os comhair Chúirt Dúiche Mhuineacháin Dé Luain seo chugainn chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ