Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Sos comhraic in Gaza: constaic eile as an mbealach

17 JANUARY 2025, 21:46

Min bhuí á ciondáil ar Phalaistínigh in Deir al-Balah, Gaza, 17 Eanáir 2025
X Facebook

Tá fochoiste de chomhaireacht Iosrael tar éis glacadh le comhaontú faoi shos comhraic in Gaza.

Sular cuireadh tús leis an gcruinniú, bhí sé tugtha le tuiscint ag urlabhraí Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go rabhthas ionann is cinnte de go nglacfaí leis an gcomhaontú.

Níl an báire curtha fós, áfach, agus tá an chomhaireacht iomlán le teacht le chéile níos deireanaí inniu leis an vóta a dhaingniú.

Bhíothas leis an dá chruinniú a thionól inné ach cuireadh ar atráth iad nuair a chuir Benjamin Netanyahu i leith Hamas go raibh siad ag féachaint le tuilleadh gealltanas a bhaint as na hIosraelaigh ag an nóiméad deireanach.

D'fhógair idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar arú inné go ndearnadh comhaontú faoi shos comhraic agus dúradh gur gheall gach taobh é a chur i bhfeidhm an Domhnach beag seo.

Cé nach bhfuil i gceist ach sos comhraic sé seachtaine, tá na hidirghabhálaithe dóchasach go mbuanófar é.

Socraíodh freisin go dtarraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile, go scaoilfidís saor cimí Palaistíneacha agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil.

Ina ainneoin sin, tá na hIosraelaigh ag leanúint den mharú atá siad a dhéanamh in Gaza le cúig mhí dhéag.

Tuairisíctear gur maraíodh 101 duine – mná agus páistí a bhformhór – in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar ionaid éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní le dhá lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ