D'ordaigh an Ard-Chúirt don chomhraiceoir ealaíon measctha Conor McGregor gan íomhánnna ó cheamaraí slándála a scaipeadh agus a bhfuil ina sheilbh aige díobh a thabhairt ar láimh nó a scriosadh.
Baineann na híomhánna leis an gcás sibhialta a thug Nikita Hand ina choinne agus a bhuaigh sí dhá mhí ó shin.
Dúirt an Breitheamh Alex Owens sa chúirt inniu gur rialaigh giúiré gur éignigh Conor McGregor Nikita Hand in óstán i mBaile Átha Cliath in 2018 agus dúirt nach raibh sé de chead ag Conor McGregor aon chuid den fhianaise a fhoilsiú.
I mí na Samhna seo caite, cheadaigh an giuiré damáistí luach beagnach €250,000 do Nikita Hand.
Ina cheann sin, caithfidh Conor McGregor an chuid is mó de chostais dhlíthiúla an cháis a íoc – luach €1.3 milliún – agus d'ordaigh an breitheamh dó inniu €100,000 den chúiteamh agus €200,000 de na costais a íoc láithreach.
Tá rún ag Conor McGregor achomharc a dhéanamh ach dúirt an breitheamh lena fhoireann dlí nár dhóichí go n-éireodh leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ