Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás sibhialta in aghaidh Conor McGregor in Miami

16 JANUARY 2025, 17:47

Conor McGregor in ionad an Kaseya Center i mí an Mheithimh 2023
X Facebook

Tá cás sibhialta á thabhairt in aghaidh Conor McGregor i gcúirt sna Stáit Aonaithe agus é curtha ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhean in Miami, Florida bliain go leith ó shin.

D'fhiosraigh na póilíní in Miami an scéal ag an am ach shocraigh na húdaráis thall gan cás coiriúil a thabhairt in aghaidh an chomhraiceora ealaíon measctha as Baile Átha Cliath.

De réir cápéisí cúirte, maíonn an bhean, nach bhfuil ainmnithe, go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach uirthi ag cluiche cispheile de chuid an NBA i mí an Mheithimh 2023.

Maíonn sí gur sna leithris in ionad an Kaseya Center in Miami a ionsaíodh í.

Is dhá lá ina dhiaidh sin a rinne sí teagmháil leis na póiliní faoin scéal.

Tá sé tugtha le fios ag aturnae na mná go bhfuil an cás sibhialta á thabhairt aici anois mar gur foilsíodh a hainm i roinnt de na meáin le gairid.

Dúirt aturnae Conor McGregor, áfach, nach raibh aon ghlacadh ag na húdaráis le scéal na mná bliain go leith ó shin agus go raibh sí [an t-aturnae] dóchasach nach mbeadh aon ghlacadh leis an uair seo ach oiread.

Níl sa scéal ach bréag, arsa an t-aturnae.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ