Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Calafort Caergybi sa Bhreatain Bheag oscailte arís

16 JANUARY 2025, 13:00

Calafort Caergybi, Ynys Môn, An Bhreatain Bheag
X Facebook

Tá Calafort Caergybi sa Bhreatain Bheag oscailte arís ó mhaidin agus tá cead ag báid fharantóireachta ó Bhaile Átha Cliath teacht le cé ann den chéad uair le breis agus mí.

Dúnadh an calafort ar an 7 Nollaig mar gheall ar dhamáiste a rinne an stoirm mhór do cheann de na beartanna feistithe an oíche roimhe sin.

Tá dhá bheart feistithe sa chalafort ach níl oscailte go fóill ach ceann acu.

Ina ainneoin sin, deir bainistíocht an chalafoirt go mbeidh sé d'acmhainn ag an mbeart feistithe amháin sin glacadh le gach bád a thagann le cé mar go bhfuil an sceideal athraithe chuige sin.

Mar sin féin, deir tarlóirí sa tír seo gur cuireadh moill ar roinnt dá leoraithe in Caergybi ar maidin mar gheall nach raibh an dara beart feistithe oscailte.

Cé gur údar sásaimh dóibh an calafort a bheith oscailte arís, a deir siad, ceapann siad nach bhfuil ann ach réiteach sealadach.

Dhearbhaigh Irish Ferries gur cuireadh moill ar dhá bhád farantóireachta dá gcuid ar maidin.

Thug Stena Line le fios go raibh gach rud ag dul ar aghaidh go seolta óna dtaobh siúd de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ