Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Triúr gafa faoi ionsaí a rinneadh ar fhear i Muineachán

16 JANUARY 2025, 12:22

Tá cóir leighis á chur in Ospidéal Beaumont ar an bhfear a ionsaíodh
X Facebook

Tá triúr gafa ag na Gardaí maidir le drochionsaí a rinneadh ar fhear sna daichidí i mbaile Mhuineacháin arú aréir.

Gortaíodh go han-dona an fear nuair a ionsaíodh é i gceantar Bhóthar na Páirce idir 10 a chlog agus 11 a chlog oíche Dé Máirt.

Tugadh é chuig Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha ar an gcéad ásc ach aistríodh é go dtí Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath go gairid ina dhiaidh sin.

Deirtear go bhfuil fíor-dhrochbhail ar an bhfear.

Bean agus beirt fhear is ea an triúr a gabhadh agus tá siad á gcoinneáil faoi Mhír 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ