Tá sé geallta ag comhlacht táirgí leighis atá bunaithe i nGaillimh os cionn 700 post nua a chruthú as seo go ceann deich mbliana.
Déanann an comhlacht Aerogen táirgí aerasóil a mbaintear leas acu le cógas leighis a thabhairt d'othair.
Tá Aerogen le €300 milliún a infheistiú sa ghnó as seo go 2035 agus is in ionaid an chomhlachta sa Daingean i nGaillimh agus i Sionainn i gCo an Chláir a chuirfear na poist nua ar fáil.
Tá Aerogen ar an gcomhlacht Éireannach is mó sa tír seo a dhéanann táirgí leighis.
Tá ionaid ag Aerogen in 28 tír ar fud an domhain agus tá na céadta duine fostaithe acu.
Bunaíodh an comhlacht os cionn shiopa búistéara i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe i 1998.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ