Tugadh fear 31 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Mhuineacháin inniu agus é cúisithe i ndúnmharú a mháthar agus in iarracht a dhéanamh a athair a dhúnmharú.
Tá Danny Heyneman cúisithe i ndúnmharú Annie Heyneman, a bhí 55 bliain d'aois, agus in iarracht a dhéanamh Henk Heyneman a dhúnmharú i mBéal Átha Conaill i gCo an Chabháin Dé Sathairn seo caite.
Tugadh le fios sa chúirt go ndúirt Danny Heyneman nach raibh aon ní le rá aige nuair a cúisíodh é sna cionta i Stáisiún Gardaí an Chabháin aréir.
D'iarr aturnae an chúisí a chliant a chur siar faoi choinneáil i bPríosún an Chaisleáin Riabhaigh i gCo Ros Comáin ach dhiúltaigh an Breitheamh Raymond Finnegan an t-iarratas sin.
Ina áit sin, d'ordaigh sé Danny Heyneman a chur siar faoi choinneáil i bPríosún Chnoc na Seamar i mBaile Átha Cliath.
D'ordaigh an breitheamh freisin an cúisí a thabhairt os comhair Chúirt Dúiche an Chabháin ar nasc físe arú amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ