Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Leanaí tinne as Gaza in Éirinn le cóireáil leighis a chur orthu

20 DECEMBER 2024, 18:52

Scriosadh ospidéal na leanaí i gCathair Gaza nuair a bhuamáil fórsaí Iosrael an áit i mí Feabhra seo caite
X Facebook

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil ochtar páistí tinne tagtha go hÉirinn as Gaza le cóir leighis a chur orthu in ospidéil sa tír seo.

Tá Éire ar cheann de dheich dtír a ghlac le hiarratas ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte teacht i gcabhair ar leanaí as Gaza a bhfuil ailse, aicíd fola nó galar tromchúiseach eile orthu.

Tá thart ar 30 leanbh tinn le teacht go Éirinn as Gaza as seo go ceann roinnt míonna agus cuireadh fáilte roimh an gcéad ochtar nuair a tháinig siad amach as eitleán de chuid Rialtas na Slóvaice ag Aerfort Bhaile Átha Cliath aréir.

In éineacht leis na páistí tháinig cúramóirí agus deartháireacha agus deirfiúracha dóibh, agus cónóidh siadsan le hoibrithe sláinte a dheonaigh lóistín a chur ar fáil dóibh.

I bhfianaise a aimpléisí atá sé, tá an plean á réiteach le tamall ag Ranna Rialtais éagsúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcomhar le lucht leighis agus Cros Dhearg na hÉireann.

Tuigtear go ndeachaigh foireann leighis as Éirinn go Gaza le measúnú a dhéanamh ar leanaí tinne agus le tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid riachtanas óna muintreacha nó ó dhaoine eile a thugann aire dóibh.

Níl leanaí a bhfuil riachtanais ortaipéideacha acu á gcur san áireamh faoi láthair, áfach, de cheal acmhainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ