Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, ciontaíodh fear 38 bliain d'aois i ndúnmharú Gareth Hutch, mac dearthár do Gerard 'The Monk' Hutch, ocht mbliana go leith ó shin.
Rialaigh an chúirt go raibh Thomas 'Nicky' McConnell ar dhuine den bheirt fhear a rinne luíochán ar Gareth Hutch ag Teach Avondale ar Shráid Cumberland Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, ar an 24 Bealtaine 2016.
Lámhachadh agus maraíodh Gareth Hutch agus é ar tí dul isteach ina ghluaisteán.
Dúradh sa chúirt gurbh iad na piléir ó ghunna an fhir eile, Jonathan Keogh, a mharaigh Gareth Hutch.
In ainneoin go ndearna Thomas 'Nicky' McConnell iarracht é a lámhach freisin ní raibh an laiste sábhála ar a ghunna féin scaoilte aige, a dúradh.
Is é Thomas McConnell an ceathrú duine a fuarthas ciontach i ndúnmharú Gareth Hutch.
Is iad Jonathan Keogh, a dheirfiúr Regina Keogh agus Thomas Fox an triúr eile. Ciontaíodh iad sin sa Chúirt Choiriúil Speisialta sé bliana ó shin.
Bhí an cás in aghaidh Thomas McConnell bunaithe ar shonraí teileafón, íomhánna ó cheamaraí slándála agus ar na bréaga a d'inis sé do na Gardaí agus é á cheistiú acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ