Tá méadú 9% tagtha ar an líon teagmhálacha a rinne daoine leis na Gardaí faoi fhoréigean baile i mbliana, i gcomparáid leis an achar céanna anuraidh.
Os cionn 61,000 teagmháil a rinneadh leis na Gardaí faoi fhoréigean baile ó thús na bliana, de réir figiúirí a foilsíodh inniu.
Foréigean mothúchánach, corpartha, gnéasach agus eacnamaíochta a imrítear ar mhná agus ar leanaí den chuid is mó an sainmhíniú ginearálta a thugtar ar fhoréigean baile.
Tugtar le fios sna figiúirí nua freisin go bhfuil méadú tagtha ar an líon daoine a cúisíodh faoi reachtaíocht úr maidir le cionta ar leith a bhaineann le foréigean baile, tachtadh neamh-mharfach agus stalcaireacht ina measc.
Deirtear chomh maith go raibh breis agus 700 duine i dteagmháil leis na Gardaí faoi mhí-úsáid ghnéasach agus chorpartha i scoileanna cónaithe lae leis na hoird rialta ó foilsíodh tuarascáil scóipiúil faoin gceist i dtús an fhómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ