Maraíodh rothaí nuair a leag leoraí é i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné.
Tharla an tubaiste ag an acomhal idir Bóthar an Choláiste agus sráidbhaile Chaisleán Cnucha ag thart ar 4.30 tráthnóna inné.
Fear sna caogaidí a bhí sa rothaí.
Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar ag an am agus a mbeadh íomhánnna ó cheamara deaise acu teacht chun cainte leo.
Tá 11 rothaí i measc an 168 duine a maraíodh i dtionóiscí bóthair sa Stát ó thús na bliana.
179 duine a maraíodh ar na bóithre san achar céanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ