Tá fear sna tríochaidí a gabhadh maidir le bás mná i gCo Loch Garman inné scaoilte saor gan aon chúis a chur ina leith. Deir na Gardaí go réiteofar comhad le haghaidh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
Fuarthas Paula Lawlor gan mheabhair gan arann i dteach i gceantar Bhaile Eoghain i nGuaire ag thart ar 3 a chlog ar maidin inné agus bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh sin.
Bhí Paula Lawlor 32 bliain d'aois agus bhí leanbh amháin aici.
Rinneadh scrúdú iarbháis ar a corp tráthnóna inné ach níl na torthaí curtha ar fáil ag na Gardaí go fóill agus an fiosrúchán fós ina thús.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ