Tuigtear go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag cuimhneamh ar sciar RTÉ den tseirbhís sruthaithe GAAGO a cheannach ón gcraoltóir náisiúnta.
Is le RTÉ 50% de GAAGO agus is le CLG féin an 50% eile.
Comhfhiontar éadálach is ea GAAGO atá ag mealladh tuilleadh síntiúsóirí an t-am ar fad.
Tugadh le fios le gairid gur tháing méadú 118% ar ioncam na seirbhíse ó shíntiúis anuraidh.
Bunaíodh GAAGO in 2014 agus tá conspóid tarraingthe ag an tseirbhís go minic ó shin.
Cáineadh GAAGO faoi chluichí móra cinniúnacha a thaispeáint ar an tseirbhís sruthaithe amháin, go háirithe agus daoine sa tír fós gan seirbhís cheart leathanbhanda.
Ceaptar go bhfuil sé mar uaillmhian ag CLG seirbhís teilifíse a dhéanamh de GAAGO i bhfad na haimsire le dúil ioncam na heagraíochta a mhéadú go suntasach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ