Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí agus tá gunna agus armlón tógtha acu mar chuid d'fhiosrúchán faoi phlean a chreideann siad a bhí ann le duine nó daoine a dhúnmharú in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Gabhadh an bheirt fhear, atá sna tríochaidí agus sna daichidí, nuair a stop na Gardaí feithicil ar Ascaill Rualaí i gCluain Dolcáin tráthnóna Dé Máirt seo caite.
Fuair siad piostal leath-uathoibríoch den déanamh Glock agus roinnt piléar nuair a chuardaigh siad an fheithicil.
Ina dhiaidh sin, chuardaigh na Gardaí ocht n-ionad déag i mBaile Átha Cliath agus dhá chillín i bPríosún Phort Laoise mar chuid dá bhfiosrúchán.
Tá scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar an ngunna agus ar an armlón.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ