Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa faoi bhás mná i gCo Loch Garman

19 DECEMBER 2024, 17:27

Paula Lawlor a bhfuil a bás á fhiosrú ag na Gardaí i gCo Loch Garman
X Facebook

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i gCo Loch Garman faoi bhás mná i nGuaire sa chontae sin go moch ar maidin inniu.

Fuarthas Paula Lawlor gan mheabhair gan arann i dteach i gceantar Bhaile Eoghain ag thart ar 3 a chlog ar maidin agus is ann a bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí Paula Lawlor 32 bliain d'aois agus bhí leanbh amháin aici.

Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí faoi bhás na mná agus deir siad go bhfuil sé á cheistiú acu i stáisiún Gardaí in oirthear na tíre.

I dteach i gceantar Bhaile Eoghain i nGuaire a bhásaigh Paula Lawlor

Tá fios curtha ag na Gardaí ar Phaiteolaí Stáit agus tá scrúdú dlí-eolaíochta á dhéanamh acu ar an láthair ó mhaidin.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp Paula Lawlor níos deireanaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ