Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gisèle Pelicot: 47 fear ciontaithe ina héigniú agus í i dtámh

19 DECEMBER 2024, 12:14

Gisèle Pelicot
X Facebook

I gcúirt in Avignon sa Fhrainc, gearradh fiche bliain príosúin ar fhear faoina bhean chéile a chur i dtámh le drugaí agus a héigniú go rialta agus faoi ligean do thart ar leathchéad fear eile í a éigniú go rialta idir 2011 agus 2020.

Phléadáil Dominique Pelicot, atá 72 bliain d'aois, ciontach i ndrugaí éagsúla a thabhairt do Gisèle Pelicot i ngan fhios di agus ina héigniú nuair a bhí sí i dtámhnéal.

Phéadáil sé ciontach freisin i gcuireadh a thabhairt ar an idirlíon d'fhir eile teacht chuig a dteach cónaithe d'fhonn í a éigniú.

Mná ag tacú le Gisèle Pelicot taobh amuigh den chúirt in Avignon

Mar leis na fir eile sin, ciontaíodh 47 acu in éigniú, beirt acu in iarracht ar éigniú agus beirt eile in ionsaí gnéasach.

Téarmaí príosúin idir trí bliana agus cúig bliana déag a gearradh ar na ciontóirí.

Mhaígh cuid acu sa triail gur chreid siad gur 'cluiche collaíochta' a bhí san éigniú agus gur le lánchead na mná a bhí siad ag glacadh páirte ann.

Tá duine na fir ar a theitheadh agus ciontaíodh é in absentia.

Taobh amuigh den chúirt, dúirt Gisèle Pelicot gur mhór an crá croí an triail agus ghabh sí buíochas le gach duine a thacaigh léi ó tháinig an cás chun solais.

Dúirt sí freisin nach raibh aon aiféala uirthi gur éisteadh an triail os comhair an tsaoil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ