Ghabh na Gardaí beirt ógánach ar maidin inniu maidir le hionsaí a rinneadh ar fhear sna tríochaidí sa Mhuileann gCearr i gCo na hIarmhí an deireadh seachtaine seo caite.
Ionsaíodh an fear ar Shráid an Gharráin ar an mbaile ag thart ar 1 a chlog ar maidin Dé Sathairn agus deirtear go bhfuil sé an-dona tinn in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath.
Seacht mbliana déag d'aois atá an bheirt a gabhadh.
Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a mbeadh aon eolas acu ar an ionsaí teacht chun cainte leo, go háirithe daoine a mbeadh íomhánna acu de cheantar Shráid an Gharráin idir 12.30 agus 1.30 ar maidin Dé Sathairn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ