Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gluaisrothair leictreacha, armlón tógtha ag Gardaí

18 DECEMBER 2024, 11:06

Na scútair agus na gluaisrothair a thóg na Gardaí inné
X Facebook

Thóg na Gardaí scútair leictreacha, gluaisrothair leictreacha, armlón agus nithe éagsúla eile nuair a chuardaigh siad 24 áitreabh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné.

Baintear leas go minic as scútair leictreacha agus feithiclí éadroma cosúil leo le drugaí a sheachadadh ar éileamh ó áit go háit agus le héalú go mear ó na Gardaí.

Inné, thóg na Gardaí fiche scútar leictreach, sé ghluaisrothar leictreacha, sé rothar leictreacha agus gluaisrothar a chreideann siad a goideadh dhá mhí ó shin,

Meastar luach idir €200 agus €10,000 a bheith sna feithiclí éagsúla.

Piléir, airgead tirim, earraí dearthóra tógtha ag Gardaí

Ina cheann sin, tógadh naoi bpiléar déag, €3,410 in airgead tirim agus earraí dearthóra a meastar luach €9,000 a bheith orthu.

Deir na Gardaí nach bhfuil aon duine gafa acu mar chuid dá bhfiosrúchán fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ