Tuairiscítear go bhfuil taidhleoirí idirnáisiúnta dóchasach go gcuirfear bailchríoch ar chomhaontú faoi shos comhraic in Gaza as seo go ceanna cúpla lá.
Tá idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe, ón Éigipt agus ó Chatar ar a ndícheall le scaitheamh ag iarraidh comhaontú a dhréachtú a mbeadh glacadh ag Iosrael agus Hamas araon leis.
Mar chuid den chomhaontú, deirtear, scaoilfí saor gialla Iosraelacha atá Hamas a choinneáil in Gaza agus scaoilfeadh na hIosraelaigh saor na scórtha géibheannach Palaistíneach atá siad féin a choinneáil.
Is i gCaireo atá na comhráite ar siúl ach beidh cruinniú i gCatar inniu ag Stiúrthóir an CIA William Burns le príomh-aire na tíre sin faoi mhionsonraí an chomhaontaithe.
Os a choinne sin, thug oifigeach Palaistíneach le fios ar maidin inniu go raibh coinníollacha nua á n-éileamh ag na hIosraelaigh nach raibh aon ghlacadh ag Hamas leo.
Mar leis an saol in Gaza, tuairiscítear gur maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar bhailte éagsula ar fud na hiamhchríche i gcaitheamh na hoíche.
Tá 45,000 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le ceithre mhí dhéag agus tá an chuid is mó de bhonneagar na háite lomscriosta acu.
É sin in éiric an 1,140 duine a mharaigh Hamas san ionsaí a rinne siad ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ