Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa 34ú Dáil Éireann

18 DECEMBER 2024, 15:59

Toghadh an Carmanach Verona Murphy ina Ceann Comhairle tráthnóna inniu
X Facebook

Tháinig an 34ú Dáil Éireann le chéile den chéad uair i dTeach Laighean inniu, beagnach trí seachtaine ó caitheadh na vótaí san olltoghchán.

Toghadh an Teachta Dála Neamhspleách Verona Murphy ón nGrúpa Réigiúnach ina Ceann Comhairle, an chéad bhean leis an ngradam sin a fháil.

87 vóta a bhí sa chuóta agus is ar an tríú comhaireamh a toghadh Verona Murphy.

Bhain sí an cuóta amach agus tuilleadh nuair a dáileadh vótaí aisirithe ó Sheán Ó Fearghaíl uirthi.

Cuireadh as an gcomhaireamh freisin Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin agus John McGuinness ó Fhianna Fáil.

Bhí Seán Ó Fearghaíl, Fianna Fáileach, ina Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach agus bhí díomá air, a dúirt sé inné, nach raibh ceannasaíocht an pháirtí ag tacú leis an uair seo.

Dlúthchuid den mhargáil faoi bhunú an chéad rialtais eile, áfach, ab ea an cinneadh a rinne ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tacú le Verona Murphy in áit Sheáin Uí Fhearghaíl.

Ceaptar go gcuirfear na codanna eile le chéile lá ar bith feasta agus go mbeidh Fianna Fáil, Fine Gael agus na Neamhspleáigh ón nGrúpa Réigiúnach ag dul i gcomhrialtas le chéile.

Níos túisce, de réir gnáis, thairg Simon Harris don Uachtarán Michael D Higgins éirí as mar Thaoiseach ach fanfaidh sé sa phost nó go mbunófar rialtas nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ