Fuarthas marbh inniu fear 36 bliain d'aois ar ghabh na Gardaí é an tseachtain seo caite maidir le dúnmharú Kyran Durnin, an buachaill óg atá ar iarraidh i gCo Lú le dhá bhliain go leith.
Gabhadh Anthony Maguire ar maidin Déardaoin seo caite agus scaoileadh saor é tráthnóna Dé hAoine gan aon chúis a chur ina leith.
I ráiteas, dúirt na Gardaí go bhfuarthas a chorp i dteach i nDroichead Átha ar maidin inniu.
Tuigtear go gcreideann na Gardaí gur "tragóid phearsanta" a bhí i mbás Anthony Maguire.
Déardaoin agus Dé hAoine seo caite, chuardaigh na Gardaí dhá theach i nDroichead Átha le súil fianaise a aimsiú faoinar bhain do Kyran Durnin.
Thochail siad gairdín ceann de na tithe freisin agus bhí madra bolaíochta corpán ag cuidiú leo.
Ní dúirt na Gardaí cad a fuair siad, ámh, de ghrá íogaire an scéil.
Gabhadh bean sna fichidí an tseachtain seo caite freisin mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí agus ceistíodh í ar feadh dhá lá.
Scaoileadh saor an bhean gan aon chúis a chur ina leith.
Bhí Kyran Durnin sé bliana d'aois nuair a chonacthas go deireanach é i mí na Bealtaine 2022.
Ní go dtí mí Lúnasa na bliana seo, áfach, a cuireadh in iúl do na Gardaí go raibh sé ar iarraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ