Chinn an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas a tugadh dóibh ag deireadh na seachtóidí faoi thaisí an fhile W B Yeats a chur faoi chois. Go deimhin, shíl an Roinn go raibh ball de theaghlach cáiliúil Gluckstein i Londain ag déanamh dúmhál ar an Stát nuair a mhaígh sé go raibh fianaise aige nárbh iad cnámha W.B. Yeats a bhí curtha i Sligeach.
Tháinig sé chun solais 10 mbliana ó shin i gcáipéisí Stáit de chuid na Fraince nach dócha gur taisí W B Yeats atá curtha sa reilig i nDroim Chliabh i Sligeach. Cailleadh an file i Roquebrune na Fraince sa bhliain 1939 agus cuireadh é in uaigh bhochtáin.
Reáchtáladh searmanas mór in Éirinn in 1948 nuair a thug long cabhlaigh a chuid taisí ar ais go dtí a thír dhúchais. Cuireadh é i nDroim Chliabh i gCo. Shligigh le mustar is mórdháil.
Ach b'amhlaidh go raibh taisí Yeats measctha le go leor eile sa mharbhlann agus nach raibh aon dóigh go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir iad agus daoine eile a bhí curtha ann. Bhí léas cúig bliana ar uaigh an bhochtáin agus dí-adhlacadh é i 1946 agus cuireadh cnámha an fhile isteach le cnámha go leor daoine eile. Mar sin, ní dócha gur le Yeats an cnuasach cnámha a seoladh ar ais go hÉirinn in aon chor.
Tugann comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na Rialach 30 Bliain, léargas úr ar an chonspóid. An 29 Meitheamh, 1978 chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc rúnda faoi bhráid na Roinne faoin scéal. Chuaigh ball de theaghlach Gluckstein i dteagmháil leis an ambasadóir Paul Keating le heolas úr faoin scéal. Bhí aintín R. J. Gluckstein (Ms Gluck) an-mhór le Edith Heald, dlúthchara de chuid Yeats. Bhí doiciméid i seilbh Heald a bhain le hadhlacadh Yeats agus fágadh iad sin le huacht ag Ms Gluck. Thug Gluckstein cóipeanna de na litreacha seo ar lámh don Ambasadóir. Tugadh le fios iontu go mbeadh sé dodhéanta cnámha Yeats a aimsiú sa mharbhlann agus deimhníodh nárbh iad cnámha an fhile a thug an long cabhlaigh ar ais go hÉirinn don tsochraid stáit i 1948. Dúirt an tAmbasadóir go raibh Gluckstein ag iarraidh scannal a sheachaint.
Mhol sé, áfach, go gcuirfí an scéal faoi cheilt: "There is obviously the making of a scandal here but one which is not really very damaging in any real sense to anybody except the immediate members of the Yeats family. It would, however, be as well, if it were possible, to scotch it."
Sa chomhrá a bhí aige leis an Ambasadóir, luaigh Gluckstein go raibh luach mór airgeadais ag baint leis na litreacha agus bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha buartha go raibh Gluckstein ag iarraidh dúmhál a chur orthu. "I do not believe that Gluckstein is a blackmailer but if we do not treat him with some consideration he may become ill-disposed to us and may not worry about embarrassing us or the Yeats family," a scríobh an tAmbasadóir Keating chuig Ard-Rúnaí na Roinne, Andrew O'Rourke.
Ach ba léir go raibh bunús le hamhras na Roinne. D'éiligh Gluckstein arís is arís eile go dtabharfadh an tAmbasadóir na cáipéisí ar ais dó mar gur léir, dar leis, nach raibh aon dul chun cinn déanta ag an Stát ar an cheist. Bhí sé ag iarraidh iad a fháil ar ais le go bhféadfadh sé cinneadh a dhéanamh faoin chéad chéim eile. Tugadh na cóipeanna ar ais do Gluckstein ach níor foilsíodh riamh iad.
Mar aguisín ar an scéal, chas Paula Ní Shlatara ó Ambasáid na hÉireann chun na Fraince le Philippe Benoist a rinne ionadaíocht ar Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince ag an searmanas i 1948. Dúirt seisean gur thug ionadaithe na hÉireann agus é fhéin turas ar Roquebrune an lá roimh an tsearmanas. Chas siad le duine de na tochaltóirí uaigheanna a bhí ag plé leis an dí-adhlacadh i gcaifé ar an bhaile: "He said that it had been an unpleasant job but not as difficult as he had expected, as he had recognised the remains immediately: the skeleton was intact and Yeats' large skull was unmistakeable; furthermore, the skeleton was still in the surgical corset in which Yeats had been buried," a scríobh Paula Ní Shlatarta an 6 Meán Fómhair, 1979.
I ndeireadh ama, b'é an chonclúid a bhí ag Ard-Rúnaí na Roinne, Andrew O'Rourke, ná go raibh bunús le tuairimíocht Gluckstein. "There is probably sufficient material in these papers to cast a veneer of doubt and suspicion over the proceedings. The contradictory evidence of the official documentation and the personal accounts does nothing to dispel this impression," a scríobh sé.
Thug Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine, Éamonn Kennedy, le fios do Gluckstein an 16 Bealtaine, 1980 nach mbeadh sé cuí don Stát "to express particular views or to offer guidance on the disposal of the papers." Níor tugadh aon airgead dó.
Bhí caint fosta go dtabharfaí taisí an údair, James Joyce, ar ais go hÉirinn. Cuireadh Joyce i Zurich na hEilvéise sa bhliain 1941. Scríobh an tAire Sláine, Seán Flanagan, chuig an Taoiseach, Jack Lynch, an 28 Bealtaine 1968 ag cur in iúl gur inis an scríbhneoir Ulick O'Connor dó go raibh mac an údair, Georgio Joyce, go mór i bhfách le taisí a athar a thabhairt ar ais go hÉirinn dá bhfaighfí cead oifigiúil ón Rialtas. Mhaígh an tAire Flanagan go raibh rún aige an moladh a chur faoi bhráid na Comh-Aireachta. Dúirt an Taoiseach, áfach, go raibh sé in amhras faoi thagairt a rinne Georgio Joyce do ról an stáit: "In this connexion, can you say to what extent Mr Joyce would expect that the Government would be involved in the financial or other arrangements?", a scríobh an Taoiseach. I nóta lámhscríofa faoin litir sin, dúradh go rabhthas ag fanacht lena thuilleadh eolais ó Ulick O'Connor. Cúpla mí ina dhiaidh sin cuireadh clabhsúr leis an scéal le nóta lámhscríofa "No further developments to date."
- Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 ag 6.15pm ar an 27 Nollaig