Tugann comhaid rúnda an stáit ó 30 bliain ó shin léargas úr dúinn ar cad tuige nár togadh muiríne chonspóideach a bhí beartaithe don Daingean ag tús na nóchaidí.
Bhí sé beartaithe ag Óstán na Sceilige sa Daingean an muiríne a thógáil ar an chladach in aice leis an óstán. Bheadh orthu an talamh a bhí i gceist a thabhairt chun míntíreachas. Ar ndóigh, is leis an stát cladaigh na tíre agus bíonn ceadúnas urthrá de dhíth chun tabhairt faoi aon fhorbairt orthu.
Muiríne le 100 beart do bháid maraon le hárasáin agus sólann a bhí beartaithe. Luach £5.8m a chaithfí ar an togra (deir Banc Ceannais na hÉireann gurb ionann é sin agus €14.9m in airgead an lae inniu.) Bhí iarratas déanta fosta le haghaidh airgead struchtúrtha ó chistí an Aontas Eorpaigh. B'é an milliúnaí, Xavier McAuliffe, ba mhó a bhí luaite leis an iarratas agus tuairiscíodh ag an am go bhfuair sé tacaíocht láidir don togra óna chara an Taoiseach, Charles Haughey.
Ach bhí go leor de mhuintir na háite glan in éadan an togra - ina measc Cumann Lucht Trádala an bhaile, na Coimisinéirí Cuain, úinéirí talún agus siúlóirí. Maíodh go n-athródh a bhí beartaithe an cruth a bhí ar an bhaile agus nárbh é an láthair ba fhóirsteanaí do thogra don chineál seo. Chuirfeadh an muiríne isteach ar bhealaí siúil agus ar chosáin chuig an trá. Drochfhasach a bheadh ann ceadúnas urthrá a bhronnadh ar an togra, a dúradh. Mhaígh an lucht agóide go raibh tacaíocht formhór phobal an bhaile acusan.
Bunaíodh próiseas comhairliúchán poiblí faoin togra faoi stiúir Thomas McMahon. I measc na ndaoine a thug fianaise in éadan an togra bhí an t-aturnae Peter Callery, an foilsitheoir Steve McDonagh, an tabhairneoir T P Ó Conchúr, an t-údar Maidhc Dainín Ó Sé, an fíodóir Lisbeth Mulcahy agus an Comhairleoir Michael Begley. Mhaígh lucht agóide le linn an phróisis nach raibh siad ábalta cruinniú a ghairm le hAire na Mara, John Wilson, ach gur chas Xavier McAuliffe leis an Taoiseach ar bhonn seachtainiúil!
D'eisigh McMahon a thuarascáil i mBealtaine 1991.
Moladh go mbronnfaí ceadúnas urthrá ar an togra ar an choinníoll go dtabharfaí aitheantas do chearta bealaí siúil agus cearta slí do fheithiclí. Bheadh sé coinníollach fosta ar chead pleanála a fháil. Thug an tAire Wilson le fios ar an 13 Nollaig, 1991 go raibh cead tugtha aige i bprionsabal ceadúnas urthrá a bhronnadh ar an togra. Tháinig cúpla céad duine i láthair ag agóidí san ardchathair agus sa Daingean lena bhfearg a léiriú faoin chinneadh.
Ach is léir ó chomhaid an stáit ón tréimhse go raibh imní ar Roinn na Mara faoin phróiseas. Bhí siad faiteach faoin mhéid eolais a ba cheart a roinnt leis an phobal agus lorg siad comhairle ón Ard Aighne ar an ábhar. Thug Oifig an Ard Aighne treoir don Roinn gur cheart Tuarascáil McMahon a fhoilsiú ó tharla gur próiseas poiblí a bhí ann.
A thúisce is a bhí sé sin réitithe ag an Roinn, tháinig fadhb mhór eile chun cinn. Chuir lucht molta an togra an lasair sa bharrach nuair a chuir siad comhairle, a chur abhcóide sinsireach orthu, faoi bhráid na roinne. B'é an t-adhmad a bhí le baint ón chomhairle sin ná nach raibh údarás ar bith ag Comhairle Chontae Chiarraí cead pleanála a bhronnadh de bhrí nach raibh na taillte a bhí i gceist athghafa ón fharraige go fóill. I bhfocail eile, níorbh ann don talamh go fóill a bhíothas ag lorg cead pleanála fána choinne!
Cuireadh an argóint sin os comhair bainisteoir an chontae agus d'aontaigh seisean le tuairim an abhcóide.
Chuir sé seo go mór le himní na Roinne agus lorg siad comhairle phras ón Ard Aighne. Rinne an Roinn tagairt arís is arís eile don mhéid ollmhór airgid a bhí caite ar an togra go dtí seo, idir obair innealltóireachta, comhairle dlí srl.
Bhí míshuaimhneas na Roinne bunaithe ar na toscaí seo:
1 Bhí ráiteas déanta ag an Tánaiste, Dick Spring go mbronnfaí cead i bprionsabal don cheadúnas agus chaithfí é sin a leasú. Mhol an Roinn gurbh fhearr an ráiteas leasaithe a choinneáil ginearálta go maith.
2. Dá mba rud é gur dhiúltaigh Comhairle Chontae Chiarraí cead pleanála a thabhairt don togra ar an bhonn nach raibh dlínse acu a leithéid a dhéanamh, bheadh siad fágtha le suíomh tréigthe. Bhí cuid mhór airgid caite air agus bheadh an stát d'uireasa cíos ar an léas a bhí siad le bronnadh ar úsáid an chladaigh.
3. Dá bhfoilseofaí an chomhairle seo bhí eagla ar an Roinn go dtabharfadh sé deis don lucht agóide athbhreithniú breithiúnach a lorg in éadan an cheadúnais.
Thug an tArd Aighne treoir iontach soiléir don Roinn ar an 11 Feabhra, 1992: "I am of the opinion that a planning authority only has jurisdiction to grant planning permission within its functional area. I am instructed that all works of construction above or below the ground intended to be carried out by the applicant, Dingle Skelligs Hotel, for the purposes of development comprised in the application for a lease are intended to be carried out in the present foreshore area. Therefore, I am instructed that the same are to be carried out outside the county boundary of the county of Kerry. In such circumstances the Kerry County Council has no jurisdiction to entertain an application for planning permission for the proposed development."
Dá mba rud é go mbronnfaí ceadúnas urthrá sa chás seo bheadh orthu teorainn an chontae a athrú a dúradh. Tugadh treoir d'Aire na Mara, John Wilson, gur cheart dó a chinneadh i bprionsabal an ceadúnas urthrá a tharraingt siar agus an próiseas comhairliúcháin poiblí a athoscailt.
Tá gach cosúlacht ar an scéal gur scóráil lucht tacaíochta na muiríne cúl ina éadan féin nuair a chur siad an t-eolas seo faoi bhráid na Roinne agus ghlacfá an cheist a chur cad chuige a rinne siad amhlaidh? Seans go raibh eagla orthu nach bhfaighidis cead pleanála agus go raibh siad ag iarraidh an próiseas a sheachaint agus brú a chur ar an aire glacadh leis na téarmaí a bhí uathu.
D'fhógair úinéirí an óstáin ar an 12 Deireadh Fómhair, 1992, nach mbeidís ag leanstan leis an togra.
- Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 ag 6.15pm ar an 27 Nollaig