Gearradh sé bliana príosúntachta i gcúirt Chaisleán an Bharraigh inniu ar iarbhainisteoir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as Baile an Róba i gCo. Mhaigh Eo maidir le híomhánna de ionsaithe gnéis ar leanaí a bheith ina sheilbh agus le dáileadh aige.
Phléadáil Peter O'Malley, 47 bliain d'aois, as an Éil, Baile an Róba ciontach an mhí seo caite as 10 gcúis shamplacha - ina measc a bheith ina chúis le páiste a bheith páirteach i ngníomh collaí, úsáid a bhaint as faisnéis agus teicneolaíocht le teacht i dtír ar pháiste, íomhánna de mhí-úsáid ghnéis ar leanaí a bheith ina sheilbh agus na híomhánna a scaipeadh.
Bhain na cúiseanna leis an tréimhse idir Nollaig 2019 agus Aibreán 2021.
Tugadh le fios don chúirt gur chuir an FBI i Philadelphia Mheiriceá na Gardaí ar an eolas i 2021 faoin méid a bhí ar bun ag Peter O’Malley ar an aip meáin shóisialta KIK.
Léirigh fiosrúchán an FBI go raibh Peter O'Malley ina riarthóir ar ghrúpa áirithe ar KIK. Le cead isteach a fháil sa ghrúpa príobháideach chaithfeadh baill nua 3 fhíseán nó 5 íomhá de ábhar graosta a raibh páistí ann a chur chuig Peter O'Malley.
D'aimsigh na Gardaí níos mó ná 10,000 comhrá ón ardán sóisialta sin ar a ghuthán idir Nollaig 2019 agus Aibreán 2021.
Le linn na héisteachta inniu le pianbhreith a ghearradh air, dúirt an Breitheamh Eoin Garavan go raibh cuid de na híomhánna a bhain leis na cúiseanna samplacha as cuimse graosta agus grafach agus gur léirigh siad "mí-úsáid ghnéis den chineál is gráiniúla agus is ainrialta ar pháiste."
Dúirt an Breitheamh Garavan go "mbrisfeadh sé croí dhuine ar bith an mhí-úsáid á fheiceáil á déanamh ar na páistí agus iad a chloisteáil ag caoineadh agus ag screadach le linn dó a bheith ag tarlú."
Dúirt an Breitheamh gur léirigh an fad a bhí caite ag Peter O’Malley ar an aip KIS – 22 mí san iomlán – gur thuig sé an méid a bhí ar bun aige. "Bhí sé ina ghnáth bhall den ghrúpa áirithe seo ar KIK go lán-toilteanach agus ansin ina riarthóir."
"D’fhéadfaí a rá," arsa an Breitheamh, "go raibh Peter O’Malley páirteach i gciorcal péidifileach tríd a ghníomhartha ag dáileadh na n-íomhánnna seo de chiapadh agus ainíde."
"Ní fios cé h-iad ná cé as na páistí seo, agus mar sin níl ar ár gcumas a fháil amach an tionchar a bhí ag na hionsaithe orthu, ach ní laghdaíonn sin uafás na ngníomhartha a rinneadh orthu sna físeáin agus sna híomhánna. Ní as teach, baile ná contae Peter O’Malley na páistí, ach ní féidir a rá nach raibh léargas aige ar an méid a bhí á dhéanamh aige."
"Is deacair a chreidiúint nár thuig sé an méid a bhí ar bun aige - fear cliste a raibh óige shona aige agus post maith."
"Is geall le díbeartach ina cheantar féin anois é," a dúirt an Breitheamh, "áit a raibh meas air tráth i gCumann Lúthchleas Gael an cheantair."
Ghearr an Breitheamh 6 bliana agus 9 mí príosúin ar O'Malley agus chuir sé na 9 mí dheireanacha ar fionraí.
Nuair a scaoilfear saor é cuirfear ar chlár maoirseoireachta na nGardaí é ar feadh 3 bliana, beidh air cúrsa do chiontóirí gnéis a dhéanamh, chomh maith le glacadh le comhairleoireacht. Beidh air fosta cead a fháil ó na Gardaí nó ón tSeirbhís Promhaidh úsáid a bhaint as fearas digiteach nó teicneolaíocht chliste. Beidh air ligean do na Gardaí na fearais sin a scrúdú am ar bith.
Go dtí gur phléadáil sé ciontach bhí cónaí air leis féin - bhí sé le pósadh i 2020 ach tháinig deireadh leis an chaidreamh sin i Nollaig 2019.
Sa chúirt roimhe seo dúirt a abhcóide sinsir Desmond Dockery, go ndeachaidh an saol chun donais ar a chliant nuair a tháinig deireadh leis an chaidreamh; go raibh sé ag obair ón bhaile, ina aonar cuid mhór, ag ól go trom, agus gur thoisigh sé a dh'amharc ar phornagrafaíocht fhásta mar chaitheamh aimsire.
Bhog sé as sin chuig aipeanna caidrimh macasamhail Fob agus as sin arís chuig KIK, áit a gcuireann daoine agus grúpaí ceann ar chomhráití príobháideacha
Dúirt a abhcóide gur shiúil a chliant isteach i nduibheagán nach raibh sé ábalta tarraingt siar as.
Tugadh le fios don Chúirt roimhe seo gur ortótach a bhí i Peter O’Malley ag déanamh agus ag feistiú cléithíní d'othair le tacaíocht a thabhairt do chnámh nó do mhatán i ndiaidh gortaithe. Bhí sé ag obair sa Bhreatain sula fhill sé go hÉirinn i 2010.
Chuaigh sé i mbun oibre leis an Fheidhmeannacht Sláinte i 2015. Cuireadh ar fionraí é i mí Feabhra 2022 nuair a cuireadh ar an eolas iad faoina ghabháil .
D'éirigh sé as a chuid oibre i mí an Mheithimh i mbliana.
Dúirt na Gardaí nach raibh aon ábhar de mhí-úsáid ghnéis ar leanaí ar na fearais de chuid na Feidhmeannachta Sláinte a bhí ina sheilbh.
Gabhadh go foirmeálta é i mí Feabhra 2021.
Beidh tuilleadh faoi seo ar Nuacht TG4 ag a 7