Dúirt ceannaire Fhine Gael Simon Harris arís inniu go raibh an-aiféala air go ndearna sé file fuar den mhéid a dúirt cúramóir leis i gCeann Toirc i gCo Chorcaí Dé hAoine seo caite faoi sheirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Tá sé thar a bheith míshásta leis féin, arsa sé, faoin gcaoi ar chaith sé leis an mbean, Charlotte Fallon.
Dhearbhaigh sé gur labhair sé le Charlotte Fallon arís an lá dar gcionn agus dúirt gur iarr sé a pardún uirthi.
Ag labhairt dó ar RTÉ inniu, mhaígh Simon Harris go raibh sé an-dáiríre faoi sheirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas agus dúirt go raibh an-chur amach pearsanta aige ar an gceist.
Tá uathachas ar dheartháir do Simon Harris agus labhair sé inniu ar an gcaoi a ndeachaigh easpa seirbhísí i gcion ar a theaghlach, go háirithe a mháthair.
Mar leis an dóigh ar labhair sé le Charlotte Fallon, dúirt sé gur cheap sé nach mbeadh sé cothrom breithiúnas a thabairt air mar dhuine mar gheall ar chomhrá a mhair 40 soicind.
Thug sé le fios gur cheap sé go dtabharfaí breithiúnas air de réir a raibh curtha i gcrích aige go nuige seo agus a raibh le cur i gcrích aige fós ó thaobh seirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ