Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tús le cás sibhialta faoi chlaonpháirteachas na Breataine

25 NOVEMBER 2024, 12:07

Taobh amuigh den Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu, bhailigh teaghlaigh dhaoine ar dhúnmharaigh dílseoirí iad
X Facebook

San Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu, cuireadh tús le cás dlí sibhialta atáthar a thabhairt in aghaidh Rialtas na Breataine as dúnmharuithe a rinne paraimíleataigh dhílseacha le linn na coimhlinte ó thuaidh.

Tá teaghlaigh bheirt fhear Chaitliceacha ar dhúnmharaigh dílseoirí iad ag lorg damáistí ar an mBreatain as dul i gclaonpháirt leis na marfóirí.

Baineann an cás le lear mór arm a tugadh isteach sa Tuaisceart ón Afraic Theas i 1987 agus ar baineadh úsáid astu le 70 duine ar a laghad a dhunmharú, Caitlicigh an formhór mór acu.

I dtuarascáil a foilsíodh in 2016, dúirt Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart gur úsáid an UVF dhá cheann de na hairm úd san ionsaí lámhaigh a rinne siad ar theach tábhairne i Loch an Oileáin i gCo an Dúin i 1994 inar maraíodh seisear.

Dar leis an Ombudsman go raibh a fhios ag oifigigh faisnéise na bpóilíní go raibh spiairí dá gcuid páirteach sna hairm a smuigleáil ach nár chuir siad an t-eolas a bhí acu ar fáil do bhleachtairí a bhí ag fiosrú an scéil.

Tá an cás sibhialta á thabhairt ag Pat Frizzell ar son a dhearthár Brian Frizzell agus ag Margaret Lundy ar son a fir chéile Alan Lundy.

Bhí Brian Frizzell ar dhuine de thriúr a mharaigh an UVF in Craigavon i gCo an Dúin i mí an Mhárta 1991. Eileen Duffy, a bhí naoi mbliana déag, agus Katrina Rennie, a bhí sé bliana déag, ab ea an bheirt eile.

Mharaigh an UDA Alan Lundy in iarthar Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 1993.

Dúirt aturnae na dteaghlach, Setanta Marley ó KRW Law, gurb é seo an chéad uair a tionscnaíodh cás dlí sa Tuaisceart maidir le dliteanas an Stáit i leith dhúnmharú.

Meastar go mairfidh an éisteacht cúig lá ach ní bheidh cead isteach ag an bpobal sa chuid is mó de ar chúiseanna slándála, mar a deirtear.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ