Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'FF, SF chun tosaigh ar FG' − pobalbhreith nua

25 NOVEMBER 2024, 10:40

Thuas seal, thíos seal: ag fáil faoi réir don olltoghchán a bheas ar siúl an Aoine beag seo
X Facebook

Gan fanta roimh an olltoghchán ach ceithre lá, tugtar le fios sa phobalbhreith is deireanaí a rinne Ipsos don Irish Times go bhfuil tacaíocht Fhine Gael tite go suntasach agus nach bhfuil idir iad agus an dá mhórpháirtí eile ach pointe céatadáin nó dhó.

Sciar 19% den vóta náisiúnta atá ag Fine Gael faoi láthair, de réir na pobalbhreithe, ar titim 6% é sin ón bpobalbhreith dheireanach a foilsíodh deich lá ó shin.

Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin chun tosaigh ar Fhine Gael anois, más fíor.

21% atá ag Fianna Fáil, sin ardú 2% ón uair dheireanach; 20% atá ag Sinn Féin, ar ardú 1% é.

Mar leis na páirtithe is lú, tá 6% (+2%) ag na Daonlathaithe Sóisialta; 4% (+1%) ag an gComhaontas Glas; 4% (-1%) ag Páirtí an Lucht Oibre; 3% (+1%) ag Pobal Roimh Bhrabús; agus tá 3% ag Aontú, mar a bhí an uair dheireanach.

Tá tacaíocht na n-iarrthóirí neamhspleácha tite, de réir na pobalbhreithe.

Sciar 17% atá ag iarrthóirí neamhspleácha trí chéile, an grúpa Éire Neamhspleách ina measc, ar titim 3% é sin.

1,200 vótálaí a ghlac páirt sa phobalbhreith a rinneadh idir Dé Céadaoin agus Dé Sathairn seo caite.

Beidh díospóireacht teilifíse ag ceannairí na dtrí pháirtí is mó tráthnóna amárach.

Beidh an díospóireacht idir Simon Harris, Micheál Martin agus Mary Lou McDonald ar siúl ar Prime Time ar RTÉ 1 ag 9.35 i.n.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ