Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás sibhialta in aghaidh Conor McGregor buaite ag Nikita Hand

22 NOVEMBER 2024, 18:25

Nikita Hand (sa lár) taobh amuigh den Ard-Chúirt tráthnóna inniu
X Facebook

San Ard-Chúirt, d'éirigh le Nikita Hand sa chás sibhialta a thug sí in aghaidh an chomhraiceora ealaíon measctha Conor McGregor.

Ba é breithiúnas an ghiúiré gur éignigh Conor McGregor í ach nár ionsaigh a chara James Lawrence í.

Bhí damáistí cúitimh á lorg ag Nikita Hand ó Conor McGregor agus ó James Lawrence agus é á mhaíomh aici gur éignigh an bheirt í in óstán i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2018.

Shéan an bheirt fhear na líomhaintí.

Damáistí luach beagnach €250,000 a cheadaigh an giúiré do Nikita Hand.

Conor McGregor ag fágáil na cúirte tar éis don ghiúiré a mbreithiúnas a thabhairt

Dúirt Nikita Hand i dtús an cháis gur chreid sí gur loiceadh uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar Conor McGregor.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ