Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imní mhór san Úcráin faoi dhiúracán nua atá ag an Rúis

22 NOVEMBER 2024, 16:27

Cathair Dnipro san Úcráin tar éis don Rúis sailbhe diúracán a theilgean leis an áit inné
X Facebook

Tá ionadaithe ó Rialtas na hÚcraine agus ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) le teacht le chéile sa Bhruiséil an tseachtain seo chugainn le straitéis chogaíochta is déanaí na Rúise a phlé.

Is iad na hÚcránaigh a d'iarr an cruinniú tar éis don Rúis diúracán hipearsonach meánraonach de chineál iomlán nua a scaoileadh le cathair Dnipro in oirthear na hÚcráine inné.

Deirtear gur ag cur promhadh ar an diúracán a bhí na Rúisigh le súil tuilleadh díobh a scaoileadh uathu san am atá le teacht.

Údar imní breise do na hÚcránaigh is ea maíomh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhféadfaí soc pléascáin núicléach a fheistiú ar an diúracán nua.

Dúirt urlabhraí ó ECAT nach n-athródh arm mar é an treo atá faoin gcogadh i láthair na huaire agus thug le fios go seasfadh ballstáit na comhghuaillíochta leis an Úcráin i gcónaí.

In ainneoin ráiteas débhríoch urlabhraí ECAT, áfach, is é fírinne an scéal go bhfuil fórsaí míleata na Rúise ag gluaiseacht chun tosaigh faoi láthair agus ag cur na ruaige ar a gcéilí comhraic in oirthear na hÚcráine.

Tá na Rúisigh ag sceimhliú phobal na hÚcráine freisin leis na hionsaithe ón aer atá siad a dhéanamh as éadan ar chathracha agus ar bhailte sa tír le scaitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ