Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Pictiúrlann an Phoenix sa Daingean ceannaithe ag Cillian Murphy

22 NOVEMBER 2024, 17:14

Pictiúrlann an Phoenix i nDaingean Uí Chúis i gCo Chiarraí
X Facebook

Le Seán Mac an tSíthigh

Tá an t-aisteoir clúiteach Cillian Murphy agus a bhean chéile, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis pictiúrlann an Phoenix sa Daingean Uí Chúis i gCo Chiarraí a cheannach.

Tá an Phoenix, a bhfuil cáil air mar phictiúrlann neamhspleách, dúnta ó cuireadh tús le dianghlasáll Covid-19 agus é ar díol le trí bliana anuas.

Bhí ráflaí sa treis le roinnt seachtainí anuas go raibh spéis á chur ag Murphy agus McGuinness sa Phoenix ach inniu dheimhnigh an lánúin go raibh sé ceannaithe acu.

Deir siad go bhfuil sé beartaithe acu athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh agus an phictiúrlann a oscailt arís.

Tá pleananna ann chomh maith réimse níos leithne gnó a chur ar bun ann a leagfaidh béim ar 'chruthaitheacht.'

Pictiúrlann an Phoenix sa Daingean

Tá fáilte curtha roimh an scéal ag daoine sa Daingean ó tá an phictiúrlann ar an mbaile le os cionn 100 bliain agus í ina dlúthchuid de shaol sóisialta an bhaile.

Bhí imní ann go gceannódh forbróirí an suíomh atá i gcroílár an bhaile ach cuireadh feachtas pobail ar bun in iarracht airgead a bhailiú chun an Phoenix a cheannach agus an phictiúrlann 'a shábháil’.

Cé nár éirigh leis na hiarrachtaí sin, is dea-scéala é do lucht an fheachtais go bhfuil an t-ionad ceannaithe ag daoine a bhfuil lé acu leis na healaíona.

Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness

Tá aithne mhaith ar Murphy agus McGuinness i gCorca Dhuibhne, áit a bhfuil tigh saoire acu i bhFionntrá.

Tá muintir Chillian Murphy ag teacht go Corca Dhuibhne le blianta móra fada agus iad luite isteach go maith le muintir na Gaeltachta. Iar-chigire scoile a athair Breandán.

I ráiteas, dúirt an buaiteoir Oscar go mbíodh sé féin le cois a athar ag freastal ar scannáin sa Phoenix agus é ina gharsún óg.

Dúirt Cillian Murphy leis go mbíonn a leanaí féin á dtabhairt chun an cheantair agus go dtuigeann sé go rímhaith tábhacht na pictiúrlainne ar an mbaile.

Duirt Yvonne McGuinness go bhfuil fonn orthu an phictiúrlann a oscailt arís ach réimse níos leithne imeachtaí cruthaitheacha a chur ar bun ann.

D’oscail an Phoenix den gcéad uair sa bhliain 1919. Thóg an foirgneamh tine dhá bhabhta – 1921 agus 1938 – ach d’éirigh le muintir Houlihan athchóiriú a dhéanamh air.

D’úsáidtí an phictiúrlann mar halla rince chomh maith agus i gcaitheamh na 1950í agus 1960í bhíodh na seó-bhannaí ag tarrac na sluaite ar an áit.

I measc na gceoltóirí mór le rá a chas ann ina dhiaidh sin bhí Rory Gallagher agus Dana.

Cheannaigh muintir Uí Shúilleabháin an Phoenix sa bhliain 1978 agus chuir cló nua-aimseartha air san athchóiriú a deineadh ar an áit.

Ba mhinic Michael Francie O’Sullivan seasta os comhair an lucht féachana agus óráid spleodrach á thabhairt aige mar réamhrá leis an scannán.

B’éigean an phictiúrlann a dhúnadh le linn na paindéime Covid-19 agus d’fhan sí mar sin nó go bhfógraíodh ar díol í trí bliana ó shin.

Dúirt muintir Uí Shúilleabháin gur costais arda agus titim sa tinreamh ba chúis leis an gcinneadh.

Tá sé ráite ag Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness go gcuirfear tús leis an obair athchóirithe an bhliain seo chugainn agus go gcuirfear tús áite d'imeachtaí Gaolainne san ionad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ