Fuair na seirbhísí tarrthála corp san uisce amach ó Thrá na gCeann i gCo na Gaillimhe tráthnóna inniu agus iad i mbun cuardaigh do Mháire Ní Fhátharta, bean 32 bliain d'aois a cheaptar a báthadh nuair chuaigh sí ag snámh ann deich lá ó shin.
Fuarthas an corp tar éis do Héileacaptar 115 an Gharda Cósta mionchíoradh ón aer a dhéanamh ar stráice den fharraige i gCuan an Roisín gar don trá.
Bhí lucht bád tarrthála agus bádóirí áitiúla rannpháirteach sa chuardach chomh maith.
Bhí Máire Ní Fhátharta, arbh as an Spidéal í, ar dhuine de bheirt a tuairiscíodh a bheith ar iarraidh tar éis dóibh dul ag snámh ar Thrá na gCeann ar an 12 Samhain.
Johnny Duhan an scríbhneoir cáiliúil amhrán an duine eile agus fuarthas a chorp siúd an lá céanna.
Tá an corp a fuarthas san uisce inniu tugtha go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air níos deireanaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ