Tá fógra dearg aimsire eisithe ag Met Éireann do chontaetha na Gaillimhe agus Chorcaí agus díle mhór bháistí geallta sna háiteanna sin mar gheall ar an stoirm atá ag déanamh ar an tír ón Atlantach.
Beidh tuairt mhór bháistí i gcaitheamh achair ghairid sna háiteanna sin agus tá baol ann go mbrisfidh aibhneacha agus srutháin thar a mbruacha, go bhfágfar páirceanna agus bóithre faoi uisce agus go rachaidh an t-uisce isteach i dtithe freisin.
Beidh feidhm leis an bhfógra dearg ón meán oíche anocht go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.
Tá fógra flannbhuí aimsire eisithe do sé chontae eile, mar atá, Port Láirge, Ciarraí, an Clár, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim, áit a bhfuil gaoth mhór agus báisteach throm geallta anocht agus ar maidin amárach.
Tá fógra buí eisithe do gach contae eile sa Stát a mbeidh feidhm leis idir 10 a chlog anocht agus an meán lae amárach.
Ní hin é deireadh an scéil arae tá sé tugtha le fios ag Met Éireann go n-eiseofar tuilleadh fógraí d'áiteanna éagsúla de réir mar a theastaíonn siad i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Tá fógra buí aimsire eisithe ag méiteareolaithe do shé chontae an Tuaiscirt chomh maith, mar a bhfuil dallcairt bháistí agus shneachta araon tuartha.
Beidh feidhm leis an bhfógra sin ón meán oíche anocht go dtí 11 a chlog ar maidin amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ