Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear a gabhadh faoi thubaiste an Chraoslaigh scaoilte saor

22 NOVEMBER 2024, 10:12

Maraíodh deichniúr i dtubaiste an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022
X Facebook

Scaoilte saor gan aon chúis a chur ina leith tá fear sna seascaidí a ghabh na Gardaí inné maidir le tubaiste an Chraoslaigh i gCo Dhún na nGall.

Chuaigh an fear i láthair na nGardaí i nDún Dealgan i gCo Lú dá dheoin féin ag 10 a chlog ar maidin inné, mar ar gabhadh é faoin Acht um Chionta Neamh-mharfacha in aghaidh an Duine ar amhras gur chuir sé daoine i mbaol go meargánta.

Scaoileadh saor an fear ag 1 a chlog ar maidin inniu agus thug a aturnae le fios go raibh na Gardaí le comhad ina leith a chur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – nuair a tharla pléasc ag stáisiún seirbhísí i sráidbhaile an Chraoslaigh tráthnóna De hAoine an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Ghabh na Gardaí ceathrar roimhe seo mar chuid dá bhfiosrúchán faoin tubaiste agus scaoileadh saor iad ar fad gan aon chúis a chur ina leith.

Tá cuid de theaghlaigh na marbh thar a bheith díomách, áfach, faoin bhfad atá na Gardaí a chaitheamh leis an bhfiosrúchán.

Is cosúil nach bhfuiltear cinnte dearfa de fós cad ba chionsiocair leis an bpléasc agus tá na Gardaí ag obair i gcomhar le saineolaithe teicniúla ó ghníomhaireachtaí éagsúla le súil ar tharla go baileach a chur le bonn.

Ar a shon sin, táthar den bharúil go mb'fhéidir go raibh baint ag sceitheadh gáis leis an scéal.

Is iad an deichniúr a maraíodh Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly.

Bhí siad idir chúig bliana d'aois agus naoi mbliana déag is dhá scór.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ