Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuairt mhór shneachta geallta i gCúige Mumhan anocht

20 NOVEMBER 2024, 11:39

An teocht chomh híseal le −4 céim in áiteanna anocht
X Facebook

Tá fógra flannbhuí aimsire eisithe ag Met Éireann do Chúige Mumhan agus leac oighir agus sneachta araon geallta ann anocht.

Mar leis an sneachta, go deimhin, deir na meitéareolaithe go mbeidh tuairt mhór ann.

Cúig cinn de shé chontae na Mumhan atá i gceist, mar atá, an Clár, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Tiobraid Árann, agus beidh feidhm leis an bhfógra flannbhuí ón meán oíche anocht go dtí an meán lae amárach.

Tá na húdaráis áitiúla sna ceantair sin ag achainí ar dhaoine tiomáint go mall agus go cúramach idir na hamanna sin agus táthar ag comhairliú d'fheirmeoirí súil a choinneáil ar a mbeostoc go háirithe.

Tá fógra buí aimsire eisithe ag Met Éireann do Ghaillimh agus do sheacht gcontae i gCúige Laighean, mar atá, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Cill Dara, Cill Mhantáin, Laois, Loch Garman agus Uíbh Fhailí.

Sneachta agus leac oighir atá tuartha sna háiteanna sin agus beidh feidhm leis an bhfógra buí óna 9 a chlog anocht go dtí an meán lae amárach.

Deir Met Éireann go bhféadfadh an teocht a bheith chomh híseal le ceithre chéim faoi bhun an reophointe in áiteanna áirithe sa tír.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ