Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

6.5 bliain príosúin gearrtha ar fhear a ghlac páirt i mí-ord

20 NOVEMBER 2024, 18:46

Chuir Declan Donaghey scuadcharr leis an nGarda Síochána trí thine (Íomhá: Adrian Weckler)
X Facebook

I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin sé bliana go leith ar fhear 28 bliain d'aois a phléadáil ciontach i scuadcharr leis an nGarda Síochána a chur le thine le linn na gcíréibeacha a bhí i lár na cathrach bliain go ham seo.

Sin é Declan Donaghey, as Sráid Liam i mBaile Átha Cliath, a phléadáil ciontach i gcoirloscadh, i ndamáiste coiriúil a dhéanamh agus i bpáirt a ghlacadh i mí-ord foréigneach ar an 23 Samhain anuraidh.

Chomh maith le scuadcharr a lasadh, chaith sé araid rothaí le scuadcharr eile, shatail sé ar bhoinéad scuadchairr eile fós agus bhris sé gaothscáth an chinn dheireanaigh.

Ina cheann sin ar fad, rinne sé ionsaí ar ionad cóiríochta d'inimircigh.

Thosaigh an mí-ord tar éis d'fhear ón gcoigcríoch páistí agus múinteoir a ionsaí le scian taobh amuigh de scoil ar Shráid Parnell ag am lóin ar an 23 Samhain.

Dúirt Declan Donaghey go raibh sé ar buile ag an am mar go raibh duine muinteartha lena leannán sa scoil chéanna leis na páisti a hionsaíodh.

Mhaígh sé gur spadhar feirge a bhuail é ba chionsiocair lena mhí-iompar an oíche úd.

Thug an Breitheamh Orla Crowe le fios, áfach, nach raibh aon ghlacadh aici leis an maíomh sin agus dúirt gur ionsaí ar an tsochaí ar fad a bhí san ionsaí a rinne Declan Donaghey ar na Gardaí.

Mar sin féin, chuir sí san áireamh, a dúirt sí, gur admhaigh Declan Donaghey go gairid tar éis do na Gardaí é a ghabháil go ndearna sé na coireanna, gur thuig sé go raibh na rudaí a rinne sé mícheart agus nach raibh sé sa phríosún riamh cheana.

Agus é sin ar fad sa mheá, ghearr sí seacht mbliana go leith príosúin air ach chuir sí an bhliain dheireanach ar fionraí.

Bhí teaghlach Declan Donaghey agus a lucht tacaíochta sa chúirt inniu agus d'éirigh siad suaite tar éis don bhreitheamh an phianbhreith a ghearradh air.

B'éigean do na Gardaí iad a thabhairt amach as an seomra cúirte ar deireadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ