Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Diúracáin fhadraonacha scaoilte ag an Úcráin leis an Rúis

19 NOVEMBER 2024, 16:44

Diúracáin fhadraonacha scaoilte leis an Rúis ón Úcráin (Pic: Cartlann)
X Facebook

Scaoil fórsaí míleata na hÚcráine diúracáin fhadraonacha a fuarthas ó na Stáit Aontaithe le hionaid sa Rúis inniu, lá i ndiaidh dóibh cead a fháil ó Uachtarán Mheiriceá Joe Biden.

Roimhe seo, bhí cosc ar na hÚcránaigh diúracáin Mheiriceánacha a scaoileadh trasna na teorann ar fhaitíos, a dúradh, go n-imeodh an cogadh ó smacht ar fad.

Dúirt Roinn Cosanta na Rúise gur scaoileadh sé dhiúracán fhadraonacha le réigiún Bryansk agus gur chuir fórsaí cosanta na Rúise cúig cinn acu go talamh sular bhain siad sprioc amach.

Tuairiscítear, áfach, go ndearna píosaí ón séú diúracán damáiste d'ionad míleata.

Chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov an milleán faoin ionsaí ar Rialtas Mheiriceá.

Dúirt sé gur cor úr is ea é sa chogadh atá an tIarthar a chur ar an Rúis agus gheall sé go ndéanfadh na Rúisigh beart dá gcuid féin dá réir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ