Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Mionbhuiséad' geallta i bhforógra toghcháin Shinn Féin

19 NOVEMBER 2024, 16:49

Seoladh forógra toghcháin Shinn Féin ag preasócáid i mBaile Átha Cliath inniu
X Facebook

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go dtabharfadh an páirtí 'mionbhuiséad' isteach dá mbeadh siad sa chéad rialtas eile.

Theastódh an mionbhuiséad, arsa sé, le pleananna Shinn Féin maidir le cúram leanaí agus maidir leis an Muirear Sóisialta Uilíoch a chur i bhfeidhm.

Seoladh forógra toghcháin Shinn Féin ag preasócáid i mBaile Átha Cliath inniu.

Gealladh cúram leanaí a chur ar fáil ar €10 sa lá mar atá i dtíortha eile.

D'fhágadh sin go n-íocfadh daoine €200 sa mhí feasta i leaba na €800 atá siad a íoc faoi láthair, a dúradh.

Dúradh leis go gcosnódh an plean €345 milliún.

Gheall Pearse Doherty chomh maith nach mbeadh ar dhaoine a thuilleann níos lú ná €45,000 sa bhliain an Muirear Sóisialta Uilíoch a íoc feasta agus dúirt go gcosnódh an plean sin €1.84 billiún.

Dúirt sé freisin go sabhálfadh daoine a thuilleann níos lú ná €100,000 sa bhliain, go sábhálfadh siad €2,000 mar gheall ar na ciorruithe cánach atá Sinn Féin a ghealladh a thabhairt isteach.

Gheall urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane go gcuirfeadh an páirtí cógais leighis ar oideas ar fáil saor in aisce do gach duine, go gcuirfí cártaí sláinte ar fáil do dhaoine ar mheánioncam agus go mbeadh seirbhís sláinte uilíoch ann faoi 2035.

Mar le cúrsaí tithíochta, gheall Sinn Féin cheana go bhféachfaidís lena chinntiú go dtógfaí 370,000 áras cónaithe taobh istigh de chúig bliana agus thug urlabhraí tithíochta an pháirtí Eoin Ó Broin le fios go ngearrfaí pionós ar dhaoine as talamh a choinneáil i dtaisce.

Sheol na Daonlathaithe Sóisialta a bhforógra toghcháin inniu

Sheol na Daonlathaithe Sóisialta a bhforógra toghcháin féin inniu chomh maith.

Gheall siad 145,000 áras cónaithe inacmhainne a thógáil taobh istigh de chúig bliana agus orduithe éigeantacha ceannaigh a eisiúint lena chinntiú go mbeadh dóthain talaimh ar fáil.

Gheall an páirtí chomh maith Aire Gnóthaí Míchumais a cheapadh agus €1.1 billiún breise sa bhliain a chur ar fáil i gcomhair sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ