Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gardaí ag iarraidh labhairt le 99 duine maidir le mí-ord

19 NOVEMBER 2024, 16:46

Cuireadh gluaisteáin, busanna agus tram trí thine sna círéibeacha a bhí i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna anuraidh
X Facebook

Tá na Gardaí ag iarraidh ar an bpobal cuidiú leo ainm a chur ar dhaoine áirithe a bhí i lár Bhaile Átha Cliath nuair a tharla círéibeacha ansin i mí na Samhna anuraidh.

Ar maidin inniu, d'eisigh na Gardaí íomhánna de 99 duine a bhfuil siad ag iarraidh labhairt leo maidir leis na círéibeacha.

Tá na híomhánna le feiceáil ar www.garda.ie.

Deir na Gardaí gur mian leo na daoine sin a chur san áireamh nó a chur as an áireamh san fhiosrúchán atá ar bun acu faoin scrios a rinneadh i lár Bhaile Átha Cliath ar an 23 Samhain anuraidh.

Cuireadh gluaisteáin, busanna agus tram trí thine, goideadh earraí ó shiopaí agus rinneadh damáiste do mhaoin le linn na gcaismirtí. Gortaíodh trí Gharda dhéag chomh maith.

Tá na mílte píosaí scannánaíochta bailithe ag na Gardaí ó cheamaraí slándála − 17,000 uair an chloig san iomlán − le súil gach duine a bhí páirteach sa mhí-ord a aithint.

Gabhadh 57 duine go dtí seo, ciontaíodh ceithre dhuine dhéag agus tá cásanna eile fós ar siúl.

Duine de na ceithre dhuine dhéag is ea Declan Donaghey a ciontaíodh i gcoirloscach agus i ndamáiste coiriúil a dhéanamh. Tá pianbhreith le gearradh air amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ