Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gníomh Choiste na Gaeilge faoin "srian" ar thithe sa nGaeltacht

21 OCTOBER 2024, 15:50

Taighde ag an gCoiste ó 8 n-údarás áitiúil a léiríonn go bhfuil bac á chur ar lucht labhartha na Gaeilge tithe a thógáil sa nGaeltacht.
X Facebook

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta féachaint ar aon srian atá ann ó thaobh ciliméadar, go díreach nó go hindíreach, atá ag cothú bac do chainteoirí líofa atá ag iarraidh teach a thógáil mar a ngnáth-áit chónaithe i gceantair Ghaeltachta.

Tá taighde curtha i láthair an Aire Stáit ag an gComhchoiste le súil go gcurfar san áireamh é sna treoirlínte i leith thithíocht sa nGaeltacht atá á réiteach aige.

Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh

D'fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge taighde faoi chead pleanála a thabhairt do lucht labhartha Gaeilge atá ag iarraidh teach cónaithe a thógail sa nGaeltacht, a léiríonn a deir an Coiste go gcurtar srian i bhfeidhm i bhfoirm ciliméadar – go díreach agus go hindíreach – sna Ceantair Ghaeltachta nuair a bhíonn iarrthóirí ag lorg cead pleanála.

Chuir an Coiste ceist ar an 8 gcomhairle áitiúil a bhfuil Gaeltacht faoina gcúram an gcurtar srian ar dhaoine a iarrann cead pleanála do theach cónaithe,go díreach nó go hindíreach, maidir leis an fad i gciliméadar idir an áit inar rugadh iad, inar tógadh iad, nó ina bhfuil siad ina gcónaí go lán-aimseartha, agus an áit ina bhfuil siad ag iarraidh teach cónaithe a thógáil.

Tá an Coiste den tuairim nár chóir go mbeadh na srianta sin ann do lucht labhartha na Gaeilge agus ba mhaith leo go ngníomhódh an tAire ar an taighde sna treoirlínte nua.

Ar ábhar eile pleanála sa nGaeltacht tá iarrtha ag Oifig an Rialálaí Pleanála ar an Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Alan Dillon TD, Ordú Aireachta a thabhairt do Chomhairle Chondae Dhún na nGall maidir le 22 ceist nach bhfuil socraithe go fóill sa bPlean Forbartha úr don chondae.

I measc na leasuithe a d'iarr comhairleoirí condae ar an bPlean bhí maolú a dhéanamh ar fhoclaíocht a bhaineann le cead pleanála a thabhairt do thithe aonair ar an N a 56 - go háirithe idir na Cealla Beaga agus Leitir Ceanainn.

Ach dúirt An Rialálaí Pleanála go bhfuil fad 120 ciliméadar sa stráice sin agus nár chuir an Chomhairle fianaise ar bith ar fáil go mbeadh maolú ar an stráice iomlán sin ag cloí le rialacháin faoi phleanáil agus forbairt.

An 2ú Meán an Fhómhair a chuir an Rialálaí Pleanála na moltaí chuig an Aire Stáit Dillon ach níor fhoilsigh an Roinn Tithíochta iad go dtí an 21ú lá den mhí.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.