Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Achomharc bronnta ar aerlínte faoi shrian paisinéirí Aerfort BÁC

21 OCTOBER 2024, 14:38

Faoin srian chaillfeadh Ryanair 550,000 paisinéir agus chaillfeadh Aer Lingus 362,000.
X Facebook

Tá cead bronnta ag an Ardchúirt do Ryanair agus Aer Lingus chomh maith le grúpa ionadaíoch ar aerlínte as Meiriceá athbhreithniú breithiúnach a lorg ar an srian atá leagtha ag an rialaitheoir eitlíochta ar líon na n-eitiltí in Aerfort Bhaile Átha Cliath an samhradh seo chugainn.

Tá na haerlínte freisin ag lorg bac ar fheidhmiú an chinneadh faoin srian a d'fhógair Údarás Eitlíochta na hÉireann tús na míosa go mbeidh toradh ar an athbhreithniú.

Amárach a shocrófar dáta don éisteacht sin agus tá sé curtha in iúl don Chúirt ag na páirtithe go léir gur mhaith leo go dtabharfaí faoi gan mhoill.

An 7ú Deireadh Fómhair a d’fhoilsigh an tÚdarás Eitlíochta an líon slite taistil a bheidh ar fáil san aerfort sa samhradh, rud a fhágann gur 25.2 milliún paisinéir an t-uasmhéid a cheadófar in Aerfort na príomhcathrach.

Bhí an líon sa samhradh i mbliana milliún paisinéir lena chois sin, agus beidh éileamh mór i gceist arís i 2025 a deir na haerlínte.

Tá an srian á fheidhmiú ag an Údarás le cinntiú go gcloífear leis an mbac 32 milliún paisinéir sa mbliain a bhí ina choinníoll ar an gcead pleanála a bronnadh i 2007 leis an dara críochfort ag an aerfort a thógáil.

Tá Aer Lingus agus Ryanair agus Airlines for America (A4A) ar fad ag iarraidh ar an Ardchúirt athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin.

Thug uiríoll éagsúla thar ceann na n-aerlínte le fios sa gcúirt inniu nach mbeadh aon ghabháil as ach an oiread ach cuid den chás a chur faoi bhráid Chúirt na hEorpa mar go bhfuil ceist le freagairt faoi ar sárú nó nach ea é cinneadh an Údarás Eitlíochta ar Chonradh na Spéartha Oscailte idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe.

Dúradh go mbeadh na haerlínte ag iarraidh éisteacht an tseachtain seo chugainn faoi fheidhmiú rialú an Údaráis a chur ar fionraí.

An 7ú Samhain a dhéanfar cinneadh faoi dháileadh na slite taistil san aerfort ar na haerlínte ar leith.

Faoin srian atá beartaithe tugadh le fios go gcaillfeadh Ryanair 3,000 slí agus 550,000 paisinéir.

362,000 paisinéir atá i gceist i gcás Aer Lingus.