Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Na mílte gan leictreachas agus moill fós ag Aerfort Átha Cliath

21 OCTOBER 2024, 12:26

Na mílte fós gan leictreachas in Iarthar Duibhneach, i nGaillimh agus i Maigh Eo.
X Facebook

Tá glanadh mór ar siúl ar fud na tíre ach tá 8,500 áras agus gnó fós gan leictreachas de bharr Stoirm Ashley a thug ruathar faoin tír inné.

I gCo na Gaillimhe, i Maigh Eo agus i gCorca Dhuibhne i gCiarraí is mó atá daoine fós gan cumhacht ach tá pócaí beaga eile ar fud na tíre atá buailte freisin.

Bacainn fuarlach i gcathair na Gaillimhe

Deir bainisteoir Ghréasán Bhord Soláthar an Leictreachais Brian Tapley go raibh 53,000 custaiméir gan cumhacht nuair ba mheasa an gála "ach d'éirigh le criúnna an chumhacht a chasadh air arís aréir do 37,000 teach agus gnó."

Tá criúnna amuigh ó mhaidin a deir sé "ach ní heol fós cén uair a mbeidh an leictreachas ar fáil an athuair ag cách.

"Tá contúirt fós i roinnt áiteanna agus smionagar go leor caite thart."

Faoi lár an tráthnóna bhí an solas ar ais ag 7,500 áitreabh eile a bhí gan cumhacht ó inné.

Tá iarmhairtí go fóill inniu chomh maith ag an stoirm ar Aerfort BhÁC.

81 eitilt a cuireadh ar ceal mar gheall ar Ashley

San iomlán a deir Bainisteoir Cumarsáide Údarás an Aerfoirt Graeme McQueen "cuireadh 81 eitilt ar ceal inné agus chomh maith leis sin bhí ar 34 eitilt tuirlingt ag aerfoirt eile.

"Cuireadh isteach ar aerfoirt inné ar fud na tíre, agus ar fud na Breataine agus na MórRoinne freisin, mar sin níl aon neart ar an moill inniu agus roinnt eitleán tagtha chun talún inné ag aerfoirt chontráilte. Cheana féin inniu tá líon beag eitiltí curtha ar ceal ag aerlínte."

Tá eitiltí isteach agus amach as Aerfort na Sionna ag feidhmiú de réir sceidil.

Seoladh 13 soithíoch ansiúd inné, 7 gcinn a bhí in ainm is tuirlingt i gCorcaigh agus 6 cinn a bhí ceaptha tuirlingt i mBÁC.

Idir an dá linn tá údaráis áitiúla go náisiúnta ag glanadh crainnte a leagadh agus ag cur ina cheart dochar atá déanta do bhóithre agus cosáin agus bonneagar eile.

Crann leagtha i mBearna i gConamara

I nDún na nGall is mó a leagadh crainnte - i nGaoth Dobair, Ard an Rátha, Croithlí, Baile na nGallóglach, Leifear agus Ráth Bhoth.

Tá criúnna údarás áitiúl ag obair i gcomhar le criúnna an BSL le crainnte a thit ar línte cumhachta a chur as an mbealach.

Bhí fuarlaigh in áiteanna ach faoi lán-mhara níor tháinig na tuillte a raibh an oiread imní fúthu.