Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

950 post múinteora gan líonadh – suirbhé ón INTO

21 OCTOBER 2024, 10:08

Léiríonn an suirbhé go bhfuil 745 duine nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta i mbun ranga.
X Facebook

Tá ar a laghad 951 post múinteora i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta sa tír nach bhfuil líonta faoi láthair agus beidh 3 oiread an líon sin ann as seo go ceann ráithe de bharr an ghanntanas múinteoirí.

Sin é a léiríonn suirbhé atá déanta ag Cumann na Múinteoirí an INTO i dteannta Chumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha agus Ghréasán Phríomhoidí na mBunscoileanna.

Ghlac níos mó ná 1,300 scoil páirt sa suirbhé tús na míosa, 40% de líon iomlán bhunscoileanna agus scoileanna speisialta na tíre.

Tá lucht ceannais na scoileanna den tuairim go mbeidh 1,816 folúntas sa mbreis ar an 951 san earnáil faoi mhí Eanáir, idir mhúinteoirí ag gabháil ar scor, ar shaoire máithreachais nó ar saoire eile fad-téarmach.

"Géarchéim ollmhór agus mór-údar imní" é an t-eolas atá cruinnithe a deir an INTO.

Láthair na huaire tá 195 post buan agus 756 post sealadach fad-téarmach nó post ionaid nach bhfuil líonta.

I limistéar ina bhuil costas lóistín an-ard, i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i gCill Dara is measa atá an ganntanas, 3 chontae ina bhfuil folúntais i mbreis is leath na mbunscoileanna agus breis is leath na scoileanna speisialta.

Deir na scoileanna go bhfuil cúrsaí ag gabháil chun olcais le bliain nó tuilleadh.

Táthar ag tógáil múinteoirí ó ghairm an oideachais speisialta a deir siad chun na bearnaí a líonadh.

Táthar ag brath freisin ar dhaoine nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta. Léiríonn an suirbhé go bhfuil 745 duine nach bhfuil cláraithe i mbun múinteoireachta, 284 dóibh i mBaile Átha Cliath.

"Muna dtugann an Rialtas, an Rialtas-san-iomlán, faoi ghníomh láithreach le ghabháil i ndréim leis an mbrú ar thithíocht agus an brú ón gcostas maireachtála go háirid san ardchathair agus sna bailte móra, níos measa fós a bheidh an ghéarchéim" a deir Ardrúnaí an INTO John Boyle.