Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuilleadh eolais ar fáil faoi dháta an olltoghcháin "go gairid"

18 OCTOBER 2024, 17:51

Beidh tuilleadh eolais ar fáil faoi dháta an olltoghcháin go gairid, a dúirt an Taoiseach tráthnóna
X Facebook

Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios ar ball beag go mbeadh tuilleadh eolais ar fáil "go gaird" maidir le dáta an olltoghcháin.

Níos túisce, bhí sé tugtha le tuiscint ag an Tánaiste, Micheál Martin, go gcuirfeadh ceannairí na bpáirtithe comhrialtais tuilleadh eolais ar fáil don phobal maidir leis dáta faoi cheann seachtaine.

Ag labhairt dó le RTÉ i gCorcaigh, dúirt sé go raibh sé in am don rialtas soiléiriú a thabhairt don phobal ar an gceist. Níos túisce arís dúirt ceannaire Chomhaontas Glas, Roderic O'Gorman an rud céanna. Thug seisean le fios, áfach, go mbeadh sé i bhfábhar an t-olltoghchán a reáchtáil ar 29 Samhain.

Tá drogall ar Mhicheál Martin, faoi láthair, dátaí ar leith a phlé; b’fhearr leis, a dúirt sé, díriú ar an mBille Airgeadais, atá le teacht os comhair an Oireachtais arís le linn na coicíse amach romhainn.

"Caithfimid ár gcuid oibre a chur i gcrích", a dúirt an Tánaiste i gCorcaigh, "mar táimid anseo le hionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na tíre

"Le cois an Bhille Airgeadais, tá reachtaíocht ríthábhachtach eile ar na bacáin freisin, maidir le cúrsaí pleanála, cuir i gcás."

Thug an Tánaiste le tuiscint freisin gur cé gurbh fhearr leis dá bhfanfadh an rialtas i gcumhacht go dtí mí Feabhra - tráth a thiocfaidh deireadh lena dtéarma - nach bhfuil mórán de dhifear idir mí Feabhra agus mí na Samhna.

Dúirt ceannaire Chomhaontas Glas níos túisce gurbh fhearr leisean dá reáchtálfaí an t-olltoghchán
ar 29 Samhain

Cuireadh ceist ar an Tánaiste freisin ar cheap sé go raibh Roderic O’Gorman i ndiaidh dul thar cailc inniu, ag fógairt cén lá ba cheart an toghchán a reáchtáil, dar leisean.

D’fhreagair an Tánaiste: "Nach breá an saol polaitíochta! Ach nílim ar an daoraí faoi."

Sular labhair an Taoiseach leis na meáin é féin tráthnóna, thug urlabhraí dá chuid le fios gur, de réir Bhunreacht na hÉireann, gurb é an Taoiseach - agus an Taoiseach amháin - gur féidir leis nó léi olltoghchán a ghairm.